Dáil debates
Tuesday, 19 October 2004
Irish Language.
3:00 pm
Trevor Sargent (Dublin North, Green Party)
An nglacann an tAire go bhfuil an-difríocht idir teanga conartha agus teangacha eile sa Spáinn, mar shampla, nach dteangacha conartha iad agus nach bhfuil comparáid ann? Tuigim nach bhfuil litir ann, agus tá díoma orm nach bhfuil, ach ar labhair an tAire go pearsanta, nó ar labhair ionadaíocht ar a shon, sa Bhruiséil le stáit eile faoin gceist seo? Tá sé ag rá go bhfuil sí á plé idir dhaoine ach ní dúirt sé go raibh sé féin ag plé léi go díreach. Ar labhair sé go pearsanta le hionadaíocht buan sa Bhruiséil faoi stádas na Gaeilge?
No comments