Dáil debates

Tuesday, 19 October 2004

3:00 pm

Photo of Trevor SargentTrevor Sargent (Dublin North, Green Party)

Gabhaim buíochas leis an Aire as an bhfreagra. Tá an Rialtas ag plé na ceiste seo le fada ach tá gá le freagraí daingneacha, "sea" nó "ní hea". Níor chuala mé na freagraí a raibh mé ar a lorg go fóill. Ar scríobh an Rialtas litir go foirmiúil chuig an Coimisiúin agus Comhairle na nAirí ag déanamh an iarratais seo? An féidir í a feiceáil? An mbeidh rún ar an gclár ag an chruinniú de Chomhairle na nAirí atá beartaithe do dheireadh na bliana an Ghaeilge a chur ar an liosta faoi airteagal 1 do rialachán 1, 1958? Tá gá le freagra díreach dó sin. An bhfuil aon dhul chun cinn déanta faoi aonad chomhordaithe aistriúcháin a bhunadh leis an chuid den acquis communitaire nach bhfuil aistrithe go Gaeilge cheanna a aistriú? Tá go leor oibre ansin agus tá a lán ann a bheadh sásta á déanamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.