Dáil debates
Tuesday, 10 February 2004
Civil Registration Bill 2003: Report and Final Stages.
7:00 pm
Mary Coughlan (Donegal South West, Fianna Fail)
Le bheith soiléir, tá aitheantas sa Bhille don nGaeilge. Is é dearcadh na tíre seo go bhfuil teangacha oifigiúla ann agus polasaí dátheangach. Gan dabht, tá aitheantas don teanga. Is rud breá é sin agus is mór an trua nach bhfuil níos mó duine ag clárú a bpáistí i nGaeilge. B'fhéidir, ag éirí as an díospóireacht seo, go mbeidh suim ag níos mó daoine i sin a dhéanamh.
Nuair atáthar ag caint faoi úsáid na teanga tá sé an-shimplí rud mar seo a dhéanamh ach ní le leas na teanga é, i ndáiríre. Aitheantas agus rogha dos na tuismitheoirí atá le fáil. Níl duine ar bith sa tseirbhís phoiblí ag cur brú orm mar gheall ar seo, is cuma cad a shíleann an Teachta Neville. Fiú dá mbeadh cead agam é seo a dhéanamh ní bheinn ábalta é a chur i bhfeidhm mar nach mbeadh an t-airgead agam.
No comments