Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 30 September 2025

Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community

Teagasc agus Stádas na Gaeilge sna hInstitiúidí Tríú Leibhéal: Plé (Atógáil)

2:00 am

Photo of Naoise Ó CearúilNaoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)

An bhfuil sé sin alright, a Theachta? Tá roinnt ceisteanna agamsa anois. Gabhaim buíochas leis na finnéithe as ucht teacht isteach inniu. Rud a chur amú mé ansin ná nuair a cuireadh locht ar an Rialtas nár thug sé sprioc ó thaobh uimhreacha do chúrsaí trí Ghaeilge don tríú leibhéal. Dúirt na finnéithe go díreach nár thug an Rialtas spriocanna don Roinn ó thaobh cúrsaí trí mheán na Gaeilge. An bhfuil na finnéithe ag fanacht an t-am ar fad ar an Rialtas chun spriocanna a thabhairt dóibh ó thaobh cúrsaí gnó nó cúrsaí Fraincise? Ní aontaím ar chor ar bith le cad atá ráite ag Jean O'Mahony ansin. Níl sé sin maith go leor ar chor ar bith. An bhfuil sí ag fanacht ar an Rialtas chun na spriocanna sin a thabhairt?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.