Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 30 September 2025

Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community

Teagasc agus Stádas na Gaeilge sna hInstitiúidí Tríú Leibhéal: Plé (Atógáil)

2:00 am

Photo of Naoise Ó MuiríNaoise Ó Muirí (Dublin Bay North, Fine Gael)

Ó thaobh na ceiste maidir leis an lucht acadúil agus iad a bheith neamhspleách, níl Rialtas ar bith ag iarraidh dul i ngleic leis an gceist sin, ach tá an Rialtas ag cur acmhainní airgid ar fáil don earnáil agus mar sin ba cheart go mbeadh ról éigin ag an Rialtas ó thaobh an polasaí a shocrú.

Níl na finnéithe ag rá rud ar bith i ndáiríre. Ar bhealach, bheadh sé níos fearr dá gcloisfinn uathu nach raibh seans dá laghad ann go n-éireodh leo an sprioc seo a bhaint amach faoi 2030 mar gheall ar na fáthanna seo a leanas. Sin eolas éigin a bheimis in ann dul i ngleic leis. Ní féidir linn dul i bhfolach taobh thiar don academic independence ach an oiread. Níl mé ag rá go bhfuil na finnéithe á dhéanamh sin ach níor mhaith liom sin a fheiceáil ó thaobh na ceiste seo de. Tá sé leagtha amach go bhfuil muid ag iarraidh an sprioc seo a bhaint amach. Ní déarfaidh mé aon rud eile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.