Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 30 September 2025

Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community

Teagasc agus Stádas na Gaeilge sna hInstitiúidí Tríú Leibhéal: Plé (Atógáil)

2:00 am

Photo of Naoise Ó MuiríNaoise Ó Muirí (Dublin Bay North, Fine Gael)

I am going to stop Ms O'Mahony there, if she does not mind. I will say it through English. Tuigim gur coiste Gaeilge é seo. If the Department does not have a strategic objective to increase third level participation as Gaeilge, níl seans dá laghad go n-éireoidh linn an sprioc sin a bhaint amach. Ba chóir go mbeadh na daoine Roinn ag rá go bhfuil siad an-bhuartha leis seo, gur seo an leibhéal infheistíochta agus na cúrsaí trí Ghaeilge a bheidh ag teastáil agus seo an cineál struchtúir a theastaíonn le go mbeimid in ann an aidhm seo a bhaint amach. Now, a Rialtais, teastaíonn an infheistíocht uainn - over to you. Mura bhfuil an sprioc straitéiseach sin ann, níl seans dá laghad ann. Beimid ag brath ar Ranna cosúil leis an Roinn seo an obair sin a dhéanamh. Ní thuigim céard atá ar siúl anseo. Bhí an Teachta Ó Snodaigh ag rá go ndeachaigh an reachtaíocht anseo tríd roinnt blianta ó shin. Beimid anseo ar feadh deich mbliana eile mura bhfuilimid in ann brath ar an Roinn dul ar aghaidh mar sin. Céard a cheapann na finnéithe? An aontaíonn siad?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.