Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 30 September 2025
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Teagasc agus Stádas na Gaeilge sna hInstitiúidí Tríú Leibhéal: Plé (Atógáil)
2:00 am
Naoise Ó Muirí (Dublin Bay North, Fine Gael)
Tá an-díomá orm leis an gcruinniú seo. Ní rud pearsanta é, ach tá an cur chuige lag ó thaobh na ceiste seo. Labhraíomar faoin 0.68% sin, uimhir an-bheag ó thaobh na mac léinn sa tríú leibhéal atá ag déanamh rud éigin as Gaeilge, ach an bhfuil sprioc straitéiseach ag an Roinn ar chor ar bith leis an uimhir sin a mhéadú? Ní chloisim rud ar bith go bhfuil sprioc straitéiseach ann. Tá sé leagtha amach ó thaobh an dlí agus éilimh de. Beidh an t-éileamh ann mar go bhfuil sé leagtha amach sa dlí ó thaobh an 20% faoi 2030, ach níl sprioc ar bith le cloisteáil ó thaobh an tríú leibhéal. An bhfuil sprioc ag an Roinn?
No comments