Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 30 September 2025

Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community

Teagasc agus Stádas na Gaeilge sna hInstitiúidí Tríú Leibhéal: Plé (Atógáil)

2:00 am

Evanne Ní Chuilinn (Fine Gael) | Oireachtas source

Tuigim go bhfuil sé deacair polasaí fadtéarmach a athrú go tobann, ach ní dóigh liom gur fadhb thobann atá anseo. Tá sé stairiúil freisin. Luaigh mo chomhghleacaí líon na ndaoine atá ag freastal ar bhunscoileanna agus meánscoileanna lán-Ghaeilge. Tá na daoine ann le Gaeilge. D'fhreastail mise ar bhunscoil Ghaeilge agus meánscoil Bhéarla. Rinne mé céim as Béarla agus iarchéim trí Ghaeilge. Bhí meascán ann. Tá daoine ann agus déanann siad meascán de chúrsaí thar an tréimhse sin. An cheist atá agam ná, leis an 0.6% nó mar sin atá ag déanamh Gaeilge nó mar sin de atá ag déanamh Gaeilge sa tríú leibhéal, an bhfuil na figiúirí do dhaoine atá ag déanamh modúl trí mheán na Gaeilge, chomh maith leis an gcéim san innealtóireacht nó mar sin?

Nuair a bhí mise ag freastal ar an gcéim trí Ghaeilge a rinne mé sa léann cumarsáide i DCU, bhaineadar modúl Gaeilge ón gcúrsa sin an bhliain roimhe. Bhí díomá orm mar bhí sé ar an CAO go raibh Gaeilge ar an gcúrsa. Bhaineadar an modúl agus níl sé ann go fóill. Níl sé ar ais ar an gcúrsa cé gur 25 bliain ó shin atá ann anois. Dá mbeadh muid in ann níos mó modúl Gaeilge a chur ar fáil, is tosaíocht í sin atá réalaíoch agus ciallmhar anois. Tuigim go bhfuil fadhb fhadtéarmach ann chomh maith. An féidir inspreagadh a thabhairt do na hollscoileanna níos mó modúl a chur ar fáil sna cúrsaí ginearálta freisin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.