Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 30 September 2025

Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community

Teagasc agus Stádas na Gaeilge sna hInstitiúidí Tríú Leibhéal: Plé (Atógáil)

2:00 am

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Faraor, beidh orm an cruinniú a fhágáil ag 12.15 p.m. agus beidh Leas-Chathaoirleach an choiste, an Teachta Ó Cearúil, sa Chathaoir. Sula dtéann muid ar aghaidh – is í an Seanadóir Ní Chuilinn an chéad chainteoir eile – an bhfuil aon sonraí nó bunachar ag na finnéithe ó thaobh na gcúrsaí atá ar fáil? Tá bearna ollmhór agus tá samplaí de dhea-chleachtas tugtha dúinn, ach cá bhfuil na sonraí ó thaobh na gcúrsaí atá ar fáil, ní hamháin na cinn atá bainteach le Gaeilge mar ábhar céime ach na cúrsaí eile, cosúil le cúrsaí innealtóireachta, mar a dúirt an Teachta Ó Snodaigh?

An bhfuil na sonraí ag na finnéithe? Ansin leanfaidh mé ar aghaidh. B'fhearr liom freagraí gonta, más féidir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.