Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 30 September 2025

Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community

Teagasc agus Stádas na Gaeilge sna hInstitiúidí Tríú Leibhéal: Plé (Atógáil)

2:00 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá ceist ghairid agam agus ligfidh mé do chomhaltaí eile ceisteanna a chur ina dhiaidh sin. Tá sé seo beagáinín deacair. Mura fuil na cúrsaí ar fáil, ní bheidh innealtóirí le Gaeilge. B’fhéidir go mbeidh Gaeilge acu, ach ní innealtóirí Gaeilge iad mar níl bheidh siad ag foghlaim gach rud faoin chúrsa trí Ghaeilge agus an cur chuige sin. Sa chás a luaigh an Dr. Dowdall maidir le muilte gaoithe a thógáil amach ar chósta an iarthair, b’fhéidir go mbeidh Gaeilge éigin ag na daoine sin toisc go ndearna siad modúl faoin Ghaeilge, ach níl an cúrsa bunaithe ar an nGaeilge.

Dúirt an Dr. Dowdall go raibh sé ag brath ar éileamh agus go dtiocfaidh na cúrsaí má tá éileamh orthu. Tá éileamh ar an nGaeloideachas i gcoitinne ag an mbunleibhéal, áfach. Seasann an t-éileamh sin ag 8% ach titeann sé go 3.8% ag an dara leibhéal toisc nach ndéanann an Stát an t-éileamh ag leibhéal na bunscolaíochta a shásamh. Titeann sé go tubaisteach ansin ag an gcéad stad eile, is é sin, an tríú leibhéal. Níl an t-éileamh ann ag an leibhéal sin mar ba chóir. Mura fuil ach 3.8% de dhaltaí meánscoile ag déanamh oideachais trí Ghaeilge an bealach ar fad suas go dtí an ardteist, tá fadhbanna eile ann. Titeann sé go dtí 0.2% nó a leithéid ina dhiaidh sin. Tá fadhb bhunúsach ansin. Tá an fhadhb sin ann beag beann ar an athrú polasaí faoin 20%. Seachas a bheith ag fanacht ar éileamh, cad atá an Roinn ag déanamh chun an t-éileamh sin a chothú? An bhfuil sí ag dul amach chuig na meánscoileanna lán-Ghaeilge sa tír, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di, chun a iarradh ar na daltaí agus na múinteoirí faoi na cineálacha ábhar is cúrsaí ar mhaith leo go mbeadh ar fáil trí Ghaeilge, in áit cúrsaí le beagán Gaeilge ar an taobh? Is trua nach bhfuil sé sin déanta ag an Roinn go fóill, ach measaim gurb é sin an ról atá aici in iarracht tús a chur le bheith ag bogadh i dtreo na sprice 20% a bhaint amach. Tá an sprioc sin dúshlánach, agus dúirt muid sin. Ní shroichfidh muid é bunaithe ar an méid atá cloiste againn go dtí seo, áfach.

Tá an ceart ag an Dr. Dowdall gur juggernaut é an tríú leibhéal nach féidir a chasadh timpeall go tapa. Ritheadh an tAcht sin in 2021, áfach. Tá muid anois ceithre bliana níos faide ar aghaidh. Tá fadhbanna bunúsacha ó thaobh an Stáit de. Níl sé tar éis na caighdeáin nua a leagan amach. Leagfar na caighdeáin sin ar gach uile cheann de na hinstitiúidí a bhfuil muid ag caint fúthu – seachas na cinn phríobháideacha - toisc gur an Státchóras atá i gceist.

Is í an cheist ná, seachas an méid atá curtha os ár gcomhair inniu, cad í an obair atá an Roinn ag déanamh chun an t-éileamh sin a shásamh don bhliain romhainn, b’fhéidir?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.