Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 30 September 2025

Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community

Teagasc agus Stádas na Gaeilge sna hInstitiúidí Tríú Leibhéal: Plé (Atógáil)

2:00 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá an oiread sin ceisteanna tar éis teacht as an méid atá ráite ag na finnéithe go dtí seo. Is deacair iad ar fad a chur. Fanfaidh mé leis an méid a bhí an Dr. Alex Dowdall ag rá. Measaim nach dtuigeann an Státchóras i gcoitinne, agus an Roinn féin, an polasaí Stáit atá ann. Ní díreach polasaí é; is dlí é anois. Is gá go mbeidh 20% d’earcaithe sa Státseirbhís nó sa chóras poiblí inniúil sa Ghaeilge. Ní féidir é sin a dhéanamh muna bhfuil céimithe le Gaeilge, nó an leibhéal is airde Gaeilge, ag teacht amach as na coláistí. Ní díreach coláiste amháin atá i gceist. Go dtí seo, bhí an Stát ag brath ar Ollscoil na Gaillimhe chun roinnt den toil agus éileamh sin a shásamh beagán. Tá an tírdhreach athraithe anois, áfach. Tá an dualgas seo ar chuile institiúid ardoideachais. Dúirt an Dr. Dowdall amhlaidh ag an tús: dúirt sé go raibh gealltanas daingean ann chun an Ghaeilge a chur chun cinn, a úsáid agus a fhorbairt san ardoideachas. Ní léir dom go bhfuil sé athraithe ón uair a bhí mise ag freastal ar an gcoláiste breis is 40 bliain ó shín.

Tuigim, agus glacaim go dtuigeann gach duine, an áit a bhfuil muid faoi láthair. Is é an rud atá an coiste seo ag iarraidh fáil amach, áfach, ná cad iad na céimeanna a ghlacfar, anois agus i gceann cúpla bliain, le cinntiú go mbeidh an córas ardoideachais agus breisoideachais ag bogadh sa treo ionas go mbeidh earcaithe ann a bheidh inniúil sa Ghaeilge do réimse leathan ról, lena n-áirítear múinteoirí sna ceantair Ghaeltachta agus lasmuigh díobh chun an t-éileamh atá sna scoileanna do mhúinteoirí le Gaeilge a shásamh, banaltraí, dochtúirí, innealtóirí agus céimithe ríomhaireachta. Tá gá le go leor acu siúd chun an sprioc 20% a shásamh. Is é sin díreach an minimum. Chun an minimum sin a shroicheadh, tá gá le hinfheistíocht.

Tá sé ráite ag an Dr. Dowdall go bhfuil bloc deontais ann agus nach féidir leis an Stát cur isteach. Tugann an Roinn bloc deontais do na hinstitiúidí agus ligeann sí dóibh oibriú ar aghaidh. Ní fíor sin, áfach. Mar shampla, muna mbeadh ceann de na hinstitiúidí sin ag comhlíonadh cothromais ó thaobh pá de nó ag tabhairt pá íseal, bheadh an Roinn ag rá léi nach féidir é sin a dhéanamh agus nach bhfaigheadh sí an bloc deontais don bhliain dár gcionn muna ndéanfaí athrú. Níl an cur chuige céanna sin ag tarlú ó thaobh na Gaeilge le cur in iúl do na hinstitiúidí seo ar fad – tá a lán acu ann – muna bhfuil siad sásta tosú anois láithreach ag bogadh i dtreo i bhfad Éireann níos mó cúrsaí a sholáthar, a bhfuil Gaeilge mar chuid díobh nó atá trí mheán na Gaeilge, beidh an Stát ag féachaint ar roinnt den bhloc deontais a tharraingt siar.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.