Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 30 September 2025
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Teagasc agus Stádas na Gaeilge sna hInstitiúidí Tríú Leibhéal: Plé (Atógáil)
2:00 am
Naoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail) | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis an Dr. Dowdall. Sin deireadh na ceiste. Bhí an Teachta Uí Raghallaigh le teacht isteach ach is léir go bhfuil sí imithe. Bhí cúpla ceist aici ach tá cruinniú eile ar siúl aici, is dóigh liom. Más maith leo, is féidir le cúpla ball den choiste fanacht siar i ndiaidh na cruinnithe i seisiún príobháideach le labhairt faoi cad a tharla inniu.
Cuirfidh mé clabhsúr leis an gcruinniú seo. An aontaítear leis sin? Aontaítear. Gabhaim mo bhuíochas le Jean O'Mahony agus an Dr. Dowdall as ucht teacht isteach inniu. Ní raibh na ceisteanna don Roinn pearsanta agus tá a fhios agam go dtuigeann na finnéithe é sin. Gabhaim ár mbuíochas leo mar ionadaithe na Roinne Breisoideachais, Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta as an bplé fiúntach agus tairbheach a bhí againn leo inniu.
No comments