Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 30 September 2025
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Teagasc agus Stádas na Gaeilge sna hInstitiúidí Tríú Leibhéal: Plé (Atógáil)
2:00 am
Joe Conway (Independent)
Tá cúpla focal gairid agam faoi sin. Táim cinnte go bhfuil an paradigm atá in úsáid sna bunscoileanna fíorbhriste. Níl sé ag obair agus mura nglacann an Rialtas agus an Roinn oideachais leis go bhfuil an model briste, agus is deacair a thuigbheáil conas a chaitheann gach dalta ocht mbliana ag foghlaim aon teanga is go dtagann siad amach i ndeireadh na dála gan focal acu, agus mura dtuigeann an Rialtas go bhfuil fadhb mhór againn, níl aon todhchaí ag an teanga seo.
No comments