Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 30 September 2025
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Teagasc agus Stádas na Gaeilge sna hInstitiúidí Tríú Leibhéal: Plé (Atógáil)
2:00 am
Joe Conway (Independent)
Ba mhaith liomsa cúpla rud a rá faoi mo shaol oibre féin. Tá mé i mo mhúinteoir bunscoile scortha agus bhí mé i mo phríomhoide ar bhunscoil chomh maith. Nuair a bhí mé críochnaithe leis an seomra ranga, chuaigh mé amach ag obair le coláiste oiliúna ag déanamh feitheoireacht agus cigireacht ar ábhair mhúinteoirí. Tá cúpla rud le rá agam. Tuigim go bhfuilimid ag díriú isteach ar an tríú leibhéal ach tá an tríú leibhéal bunaithe ar an méid oibre atá déanta ag an gcéad agus an tarna leibhéal. Ón méid a chonaic mé nuair a bhí mé amuigh sna scoileanna, tá fadhb mhór againn le múineadh na Gaeilge sna bunscoileanna. Níl mé ag déanamh aon mhéadú ar an scéal, ach is é an dearcadh atá agamsa faoi na hábhair mhúinteoirí go ginearálta atá sna seomraí ranga ná go bhfuil siad go feidhmiúil neamhliteartha sa Ghaeilge. They are functionally illiterate in Gaeilge. Is cúis mhór imní domsa é go bhfuil muid ag cur gasúir trí na scoileanna ar feadh ocht mbliana agus tagann siad amach óna ré sna scoileanna sin agus níl mórán focal acu. Níl siad ábalta abairt nó dhó a chur le chéile. Má thagann cigire isteach agus cuireann sé ceist i nGaeilge ar aon pháiste i rang a sé, féachann siad ar an gcigire cosúil is go raibh siad lámhachta. Níl focal ag teacht astu ar chor ar bith. Téann na páistí sin isteach sna meánscoileanna - agus táim ag caint anois mar thuismitheoir chomh maith-----
No comments