Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 30 September 2025

Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community

Teagasc agus Stádas na Gaeilge sna hInstitiúidí Tríú Leibhéal: Plé (Atógáil)

2:00 am

Photo of Shónagh Ní RaghallaighShónagh Ní Raghallaigh (Kildare South, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá lánfháilte roimh na finnéithe. Mar is eol dúinn, tá 8% de dhaltaí bunscoile sa Stát seo ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge. Ag an iarbhunleibhéal, níl ach 3.8% ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge. Titeann sé sin go 0.68% de na mic léinn ar fad atá sa chóras tríú leibhéal a dhéanann cúrsaí trí mheán na Gaeilge. Céard iad na pleananna atá ag an Roinn chun cur leis an soláthar oideachais tríú leibhéal atá ar fáil faoi láthair?

Cuirfidh mé ceist amháin eile agus ansin stopfaidh mé. An leagann an Roinn síos aon sprioc-chéatadán atá ag teastáil uaithi maidir le mic léinn a bheith ag fáil oideachais trí mheán na Gaeilge, mar shampla, 5% sa 20 bliain romhainn in áit an 0.68% atá againn faoi láthair?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.