Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 15 July 2025
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Tuarascáil Bhliantúil 2024 agus Caighdeán na Seirbhísí Poiblí Dátheangacha: Oifig an Choimisinéara Teanga
2:00 am
Mr. Séamas Ó Concheanainn:
Bhí agus thóg muid sampla don chur chuige go dtí seo a d’oibrigh go maith, is é sin gur tugadh cúnamh isteach ón taobh amuigh - taighdeoirí ollscoile - le plean náisiúnta a chur le chéile a bhfuil creatlach an-mhaith ann ach ar bhealach tá na chéad chéimeanna eile chomh criticiúil céanna agus atá an plean. Is éard atá mise ag moladh ná go gcaithfear breathnú ar an acmhainneacht atá ag na páirtithe leasmhara uilig, sa Roinn agus ar an gcoiste comhairleach, agus cén chaoi a dtabharfar faoin obair seo ar bhonn pleanála. Ní féidir liom réamhbhreithiúnas a thabhairt ar an bplean gníomhaíochta ach tá sé an-tábhachtach go leagfar amach cur chuige a ndéanfar comhordú, tomhas agus tuairisciú ar bhonn leanúnach air agus go bhféachfar ar cén chaoi a dtabharfaí faoin earcaíocht. Luaigh mé sampla praiticiúil amháin níos luaithe ón tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Tá fíricí nó fianaise ann go bhfuil treisiú á dhéanamh ar líon na gcomórtas atá á reáchtáil ag an tseirbhís ar publicjobs.ie d’earcaithe le Gaeilge. Is slat tomhais amháin é sin. Caithfidh sé sin tarlú taobh istigh de chur chuige leanúnach má tá muid ag braith ar chomhlachtaí poiblí a bheith ag tuairisciú ar ais gan an chuid eile den phleanáil, don chomhordú agus don tomhas. An sampla a thug mé níos luaithe ná má leagtar dualgas ar dhá údarás áitiúil seirbhísí faisnéise teileafón a chur ar fáil, chaithfí comhairle shoiléir, leanúnach a bheith ar fáil don údarás áitiúil go dteastaíonn líon áirithe - más ceathrar nó cúigear é – de dhaoine le Gaeilge mhaith leis an tseirbhís sin a chur ar fáil.
No comments