Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 15 July 2025
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Tuarascáil Bhliantúil 2024 agus Caighdeán na Seirbhísí Poiblí Dátheangacha: Oifig an Choimisinéara Teanga
2:00 am
Mr. Séamas Ó Concheanainn:
Is cúram d’Aire na Gaeltachta, an Teachta Calleary, an leibhéal cumais a leagan síos a theastóidh sa chaighdeáin teanga nó sa tseirbhís nua a bheidh á cur ar fail. Is é an ról a bheidh againn ná monatóireacht a dhéanamh ar an soláthar sin. Ó thaobh ceist soláthair de, tá ról cinniúnach ag earnáil na hollscolaíochta Gaeilge. Theastódh clár náisiúnta foghlamtha do dhaoine atá ag obair sa Státseirbhís cheana agus cáilíochtaí ollscoile acu i réimsí eile. Má shamhlaíonn muid an tseirbhís phoiblí, lena n-áirítear riarachán poiblí, bainistíocht, acmhainní daonna agus pleanáil straitéiseach, beidh cúrsaí ollscoile nua ag teastáil sna réimsí sin le déanamh cinnte go neadófar riachtanais na gcearta teanga ag chuile leibhéal taobh istigh den chomhlacht poiblí. I láthair na huaire, tuigim go bhfuil clár nua ar leith á thionscnamh ag ollscoileanna le freagairt don fhoráil 20%, ach tá sé soiléir nach bhfuil aon straitéis náisiúnta nua don ollscolaíocht Gaeilge foilsithe go fóill ná tomhas soiléir déanta ar líon na daoine a theastaíonn le dul i treo na sprice 20%. Caithfear tomhas cruinn a dhéanamh ar líon na ndaoine a theastódh faoi cheann dhá bhliain, ceithre bliana agus mar sin de le dul i dtreo na sprice sin de 20%. Sin an fáth go bhfuil béim leagtha againn go gcaithfear cúram ar leith a thabhairt d'aonán le déanamh cinnte go bhfuil comhordú leanúnach á dhéanamh sna blianta tosaigh ar an bpleanáil fórsa saothair agus le díriú ar na háiteanna as a dtiocfaidh na céimithe.
Muna n-éiríonn le comhlachtaí poiblí fostaithe le Gaeilge mhaith a fhostú i ngráid agus poist éagsúla, beidh sé deacair a shamhlú cén chaoi a ndéanfar fréamhú ar chearta teanga agus ar sholáthair seirbhísí poiblí i nGaeilge trasna na gcomhlachtaí poiblí agus ón bhun go barr. Sin an fáth gur leag muid amach go sonrach na príomhréimsí a shamhlaíonn muid atá ag teastáil le tacú leis an bplean náisiúnta, is iad sin ná earnáil na hollscolaíochta Gaeilge, an bonneagair Ghaeltachta agus náisiúnta, an pleanáil fórsa saothair agus, dar ndóigh, córas na gcaighdeán teanga.
No comments