Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 15 July 2025
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Tuarascáil Bhliantúil 2024 agus Caighdeán na Seirbhísí Poiblí Dátheangacha: Oifig an Choimisinéara Teanga
2:00 am
Mr. Séamas Ó Concheanainn:
Go raibh maith agat, a Theachta. I gcás na comhlachtaí poiblí is mó a fhaighimid gearáin fúthu, tagann sé ar ais chuig cuid de na samplaí a bhí muid ag lua níos luaithe ar nós an tairseach MyGovID. Tá go leor Ranna agus údaráis áitiúla ag cur seirbhísí bunúsacha ar fáil ar nós ceadúnais tiomána a fháil, tástáil tiomána nó iarratas ar phas, na seirbhísí is mó a bhfuil an pobal i gcoitinne ag éileamh chuile lá. Mar sin, nuair atá éileamh ar sheirbhís is as sin an áit is mó a thagann na gearáin. Táimid ag moladh go láidir do na seirbhísí nua, mar shampla na seirbhísí eolais teileafón agus na córais ríomhaireachta nua, go leagann na caighdeán teanga síos mar thús dualgas ar an 18 Roinn agus an 31 údarás áitiúil na seirbhísí criticiúla sin atá ar fáil ar ardchaighdeán i mBéarla a chur ar fáil i nGaeilge. Leanann líon na ngearán an trácht agus an t-éileamh atá ar sheirbhísí poiblí. Tá ról suntasach freisin ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte mar gheall ar scála na seirbhíse sin. Bhí roinnt samplaí againn níos luaithe agus imscrúdú roinnt blianta ó shin nuair a bhí ball den phobal ag iarraidh clárú do sheirbhís i nGaeilge agus nach raibh an tseirbhís sin ar fáil. Bhí dualgas ar chomhlachtaí poiblí na córais ríomhaireachta a chur ar fáil go minic trí ghealltanais scéim an teanga. Tá deireadh ag teacht le córas na scéimeanna teanga mar níor oibrigh sé agus tá córas nua na gcaighdeán teanga le leagan síos. Nuair a dhéanann muid ansin imscrúdú nó fiosrúchán ar ghearáin, foilsítear tuarascáil imscrúdaithe agus bíonn fionnachtain agus moltaí ansin. Ceann de na príomhchúraimí atá ar m’oifig ná monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú moltaí imscrúdaithe. Thagair muid do chás ar ball freisin. Má thagann an Coimisinéir Teanga den tuairim nach bhfuil moltaí imscrúdaithe nó aon ghné den reachtaíocht á gcur i bhfeidhm, is féidir leis breathnú ar chéimeanna breise ar nós tuarascáil a leagann faoi bhráid Thithe an Oireachtais. Le ceist an Teachta a fhreagairt, tríd is tríd bíonn ceannacht isteach nó rannpháirtíocht mhaith againn ó chomhlachtaí poiblí. An dúshlán atá romhainn i láthair na huaire ná na céimeanna suntasacha a chaithfear a thógáil ionas go mbeidh dóthain foirne le Gaeilge mhaith sna comhlachtaí poiblí agus go mbeidh dualgas ar na comhlachtaí poiblí na seirbhísí bunúsacha, ar nós iad siúd atá ar fáil ar an tairseach MyGovID, ar fáil i nGaeilge. Is é sin an bunchloch. Is seirbhísí iad seo atá á éileamh againn chuile lá.
Muna bhfuil siad sin ar fáil, tá sé an-deacair dul chun cinn a fheiceáil sna blianta amach romhainn.
No comments