Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 15 July 2025
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Tuarascáil Bhliantúil 2024 agus Caighdeán na Seirbhísí Poiblí Dátheangacha: Oifig an Choimisinéara Teanga
2:00 am
Mr. Séamas Ó Concheanainn:
Rinne mé tráchtaireacht air seo le gairid. Feicim go bhfuil ról tábhachtach ag an intleacht shaorga. I go leor de na gearáin, mar shampla na cásanna a bhíomar ag plé níos luaithe faoi sheirbhísí bunúsacha maidir le faisnéis tosaigh a chur ar fáil nuair a chuireann duine glaoch ar comhlacht poiblí, is féidir leis an intleacht shaorga déileáil le go leor, nó roinnt mhaith, de na fiosruithe tosaigh, Chuirfinn aguisín tábhachtach le sin, áfach; is é sin go dteastóidh an tionchar daonna i gcónaí leis an tseirbhís iomlán a chur ar fáil. Mura mbeidh sé sin ann, beidh seirbhísí poiblí Gaeilge in áit an leathphingine. Is é sin an fáth go bhfuil sé chomh tábhachtach go dtreisítear agus go gcuirfear dlús leis an earcaíocht ar fhoireann a bhfuil Gaeilge mhaith acu.
Maidir leis na molchampais laistigh den Ghaeltacht agus sna bailte seirbhíse Gaeltachta, feicimse go bhfuil obair mhaith déanta ag an údarás le blianta beaga ar na Gteiceanna. Is moil dhigiteacha atá iontu. Níl aon dabht ach go mbeidh an intleacht shaorga ag teacht chun cinn sna seirbhísí atá á gcur ar fáil sna moil sin ach teastóidh foireann freisin a bheith ar an láthair. Is féidir an margadh a shamhlú a bhéas ann d’fhoghlaimeoirí teanga agus do mhic léinn tríú leibhéil. Beidh sé go hard sna mílte. Tá sé seo luaite ag an Roinn go bhfuil sé san áireamh sa bplean gníomhaíochta agus fáiltím go mór roimhe ach cén fáth nach bhféadfaí breathnú ar champais ar scála atá thar a bheith suntasach? Is é sin, ar bhealach, athbhrandáil a dhéanamh ar sheirbhísí poiblí i nGaeilge go bhféadfaí an ghné oiliúna tríú leibhéil a bheith ar chuid den champas agus an tseirbhís poiblí ar an gcuid eile. Chruthódh sé sin mais chriticiúil do sheirbhísí agus do dhlús fhoirne. Feicimid ó ré Covid go bhfuil daoine ag iarraidh a bheith ag obair ó láithreacha taobh amuigh de na ceantair uirbeacha. Beidh sé an-tábhachtach staidéar féidearthachta agus cur i bhfeidhm a dhéanamh air sin taobh istigh d’achar an-ghearr.
No comments