Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 15 July 2025

Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community

Tuarascáil Bhliantúil 2024 agus Caighdeán na Seirbhísí Poiblí Dátheangacha: Oifig an Choimisinéara Teanga

2:00 am

Mr. Séamas Ó Concheanainn:

Is ceist mhaith í sin. Tá dhá ghné ansin. Ar an gcéad dul síos, tá an taithí atá ag pobal na Gaeilge ar chaighdeán na seirbhísí poiblí atá ar fáil i nGaeilge an-lag. Mar atá luaite agam i roinnt comhthéacsanna, déanann sé sin creimeadh iomlán ar mhisneach agus ar éileamh.

Dá réir sin, tá mé den tuairim go bhfuil tionchar aige sin ar líon na ngearán atáimid ag fáil. Ar an lámh eile, idir 2023 agus 2024 tháinig méadú de 55% ar líon na gcásanna gur chuir muid comhairle ar chomhlachtaí poiblí fúthu, nó feasacht faoin ndualgas atá orthu. Bhí os cionn 500 cás gur chuir muid comhairle orthu. Bhain 70% de na cásanna sin leis an bhforáil nua ar fhógraíocht, alt 10A. Bhí an oifig réamhghníomhach ag cur comhairle ar chomhlachtaí poiblí faoin ndualgas reachtúil atá orthu. Tá mé cinnte go bhfuil tionchar aige sin ar líon na ngearán a choinneáil íseal nó a bheith beagán níos ísle ná mar a bhí.

Ag deireadh an lae, go dtí go bhfeicfidh pobal na Gaeilge agus pobal na Gaeltachta go bhfuil fás ar sheirbhísí poiblí ar ardchaighdeán i nGaeilge, tá sé an-deacair an mhisneach sin sa tseirbhís phoiblí a chothú. Tá straitéisí foilsithe ag an Rialtas a leagann béim ar luachanna sa tseirbhís phoiblí ó thaobh iontaofacht agus oscailteacht na seirbhíse atá á cur ar fáil. Is luachanna iad atá ag an OECD agus tá an Rialtas ag rá go mbeidh siad seo fite fuaite sna seirbhísí atá sé ag cur ar fáil go poiblí i gcoitinne. Faraor, níl muid ag feiceáil an caighdeán sin, nó fiú amháin na luachanna, i gcur chuige an Stáit trí chéile maidir le seirbhísí bunúsacha poiblí i nGaeilge a chur ar fáil. Luaigh muid cuid acu ansin. Tá siad chomh bunúsach le hiarratas a dhéanamh i nGaeilge ar phas nó ar cheadúnas tiomána. Tá an Rialtas ag déanamh lárú ar go leor seirbhísí poiblí go digiteach. An sampla a thug mé ná an tairseach MyGovID. Má dhéanann tú scrúdú air sin, tá dhá eilimint ann. Is féidir foirm a líonadh le hiarratas a dhéanamh ar do phas, mar shampla. I gcás cuid de na seirbhísí, tá an tseirbhís ar líne réasúnta ach má tá ort labhairt le ball foirne sa gcomhlacht poiblí, titeann an tseirbhís óna chéile. Mar sin teastaíonn cur chuige córasach. Tá tionchar ag an gcaighdeán íseal seirbhísí poiblí ar an trust agus ar an gcreidiúint atá ag an bpobal i seirbhísí poiblí i nGaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.