Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 15 July 2025

Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community

Tuarascáil Bhliantúil 2024 agus Caighdeán na Seirbhísí Poiblí Dátheangacha: Oifig an Choimisinéara Teanga

2:00 am

Mr. Séamas Ó Concheanainn:

Ar an gcéad dul síos is dualgas é d'Aire na Gaeltachta na comhlachtaí poiblí nó na háisíneachtaí Rialtais a fhorordú. Faoin am go bhfuil sé sin déanta, tá forálacha dearfacha sa reachtaíocht nua, mar a luaigh an Teachta, ina measc teidil comhlachtaí poiblí agus úsáid lógóanna. Don chéad uair anois, tá dualgas nuair a leasaítear lógó nó nuair a chruthaítear lógó nua, tá dualgas ar an gcomhlacht poiblí forordaithe lógó a bheith i nGaeilge nó go dátheangach. Is dul chun cinn mór é sin maidir le feiceálacht na Gaeilge sna comhthéacsanna is bunúsaí sa Stát.

Táimid thar a bheith airdeallach go bhfuil áisinteachtaí ann atá ag cur seirbhísí ar fáil thar ceann comhlachtaí poiblí mar thriú pháirtí. Tá dea-scéal bainteach leis sin sa reachtaíocht nua. Faoi alt 9E den Acht leasaithe, beidh dualgas ar chomhlachtaí poiblí déanamh cinnte má tá áisinteachtaí ag cur seirbhísí poiblí ar fáil faoina scáth go bhfuil na seirbhísí sin ag cloí le forálacha na reachtaíochta ar nós cúrsaí comharthaíochta, fógairtí taifeadta béil agus cumarsáid i scríbhinn leis an bpobal. Tá an soláthar atá san Acht nua go maith, ach is é córas na gcaighdeán teanga - mar a luaigh an Teachta - a tharraingeoidh gach rud le chéile. Leagamar an-bhéim san aitheasc ar na seirbhísí labhartha, is é sin an ghné cumarsáideach don Ghaeilge. Mar gheall nach bhfuil córas na gcaighdeán teanga ann faoi láthair, tá folús maidir leis na seirbhísí nua sin atá ag comhlachtaí seanbhunaithe agus comhlachtaí nua ó thaobh na dualgais reachtúla a chur i bhfeidhm. Go dtí go mbeidh córas na gcaighdeán teanga i bhfeidhm, ní bheidh bunchloch láidir téagartha faoin bplean náisiúnta ná faoi láidriú cearta teanga. Tá dea-scéalta go cinnte sa reachtaíocht nua ach d'fhéadfaí coimriú ar na caighdeáin teanga mar scafall a tharraingeoidh na forálacha éagsúla le chéile mar go gceanglóidh siad an dualgas atá ar chomhlacht poiblí na seirbhísí poiblí praiticiúla á chur ar fáil i nGaeilge ó lá go lá.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.