Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 1 July 2025

Selct Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community

Meastacháin i gcomhair Seirbhísí Poiblí 2025
Vóta 42 - Forbairt Tuaithe, Pobal agus an Ghaeltacht (Athbhreithnithe)

2:00 am

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá sé iontach a bheith ar ais sa choiste. D'fhág mé é go tobann cúpla bliain ó shin so tá sé deas a bheith ar ais. Déanaim comhghairdeas leis an gCathaoirleach as a toghadh. Guím gach rath uirthi. Tá mé ag súil go mór le hobair léi. Gabhaim buíochas leis an Teachta Ó Snodaigh as a gceannaireacht ar an gcoiste ar an Dáil dheireanach. Tá Eoghan Ó Cruadhlaoich fós ann mar chléireach ar an gcoiste chun gach rud a choimeád le chéile. Ar dtús, tapaím an deis buíochas a ghlacadh leis an gcoiste agus mé ag teacht os a chomhair chun Meastacháin Athbhreithnithe 2025 agus caiteachas faoi chlár D de chuid mo Roinne nua, an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, a phlé.

Tháinig méadú 11% ar an allúntas don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i mbliana, ó €98.050 milliún in 2024 go €108.931 milliún in 2025. Is méadú suntasach é seo a thugann deis don Roinn roinnt de na tograí caipitil is mó a chonacthas san earnáil riamh a bhrú chun cinn i mbliana agus tuilleadh forbartha a dhéanamh ar scéimeanna teanga atá curtha ar bun againn le roinnt blianta anuas ar mhaithe le todhchaí na Gaeilge agus na Gaeltachta a threisiú. Is mian liom sa ráiteas seo blaiseadh a thabhairt daoibh ar roinnt de na tosaíochtaí atá ag an Roinn don earnáil i mbliana. Aon cheann nach bhfuil sa ráiteas, ní aon sin le rá nach tosaíocht é.

Faoin gciste a chuirtear ar fáil do chlár tacaíochtaí pobail agus teanga na Roinne, cuirtear idir chúnamh caipitil agus reatha ar fáil ó fhomhír D3 chun cabhrú le feidhmiú an phróisis pleanála teanga sa Ghaeltacht. Baintear leas as an gciste caipitil chun cabhrú le háiseanna pobail, teanga agus caitheamh aimsire a uasghrádú nó a chur ar fáil fud fad na Gaeltachta. Maidir leis an gciste reatha, baintear úsáid as chun scéimeanna faoi leith a riar sa Ghaeltacht, sé sin, scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge, scéim na gcúntóirí teanga agus scéim na gcampaí samhraidh. Ina theannta sin, baintear leas as chun tacú le feidhmiú cláir oibre faoi leith atá aontaithe ag an Roinn le heagraíocht Ghaeltachta. Ina measc siúd, tá Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne.

Tá maoiniú caipitil de €2.7 mhilliún ar fáil i bhfomhír D3 chomh maith in 2025, móide €385,000 a tugadh ar aghaidh ó 2024. Tá dhá thionscadal móra áirithe ag an Roinn mar thosaíocht do chúnamh caipitil faoi fhomhír D3 in 2025, sé sin, Ionad Oideachais agus Óige in Indreabhán, Contae na Gaillimhe, agus forbairt togra turasóireachta i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta i gCarna. Tá deontas os cionn €300,000 don réamhobair don Ionad Oideachais agus Óige in Indreabhán ceadaithe ag an Roinn agus tá deontas os cionn €900,000 ceadaithe d’Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna. Agus mé ag caint maidir le maoiniú caipitil, ní mór dom a lua go bhfuil tús curtha anois leis na réamhoibreacha tógála i leith athfhorbairt Ardoifig Chonradh na Gaeilge ag Uimh. 6 Sráid Fhearchair, an togra caipitil is mó riamh atá maoinithe ag mo Roinn in earnáil na Gaeilge. Tá an togra seo á mhaoiniú ó fhomhír D4 de chuid na Roinne.

Tá soláthar €10.7 milliún curtha ar fáil faoi fhomhír D4 reatha le haghaidh 2025, méadaithe ó bhuiséad €9.2 milliún in 2024. Is í aidhm na scéimeanna tacaíochta Gaeilge atá maoinithe faoin bhfomhír seo an Ghaeilge a chothú agus a chur chun cinn lasmuigh den Ghaeltacht. Cuirtear maoiniú ar fáil do thionscadail a bhfuil tábhacht straitéiseach leo chun tacú leis an Acht teanga, plean digiteach don Ghaeilge, straitéis na healaíona teangabhunaithe, agus maidir le stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil agus teanga oibre san Aontas Eorpach.

Baineann mo Roinn úsáid as an gciste faoin fhomhír C10 chun tacú leis an bpróiseas pleanála teanga. Is allúntas de €7.55 milliún atá ar fáil ó mo Roinn don phleanáil teanga in 2025 i gcomparáid leis an maoiniú de €6.7 mhilliún a bhí ar fáil anuraidh. Cuirfidh sé seo ar chumas na Roinne tús a chur leis an gcéad timthriall eile de na pleananna teanga agus tuilleadh infheistíocht a dhéanamh in earnálacha an teaghlaigh, an óige, na n-ealaíon agus na luathbhlianta sa Ghaeltacht.

Tagraím don obair fhiúntach agus thar a bheith tábhachtach atá ar bun ag Údarás na Gaeltachta ar mhaithe le fostaíocht a chruthú sa Ghaeltacht. De bharr na hoibre seo, tá níos mó daoine fostaithe i gcliantchomhlachtaí na heagraíochta ná mar a bhí riamh agus tá siad le tréaslú as sin. Cuireann Foras na Gaeilge an Ghaeilge chun cinn ar an gcuid eile den oileán, agus tá ról tábhachtach ag Bord na hUltaise chomh maith maidir le forbairt cultúir agus teanga na hUltaise. Is obair í seo atá ar bun i gcúinsí dúshlánacha faoi láthair de bharr deacrachtaí le maoiniú an Fhorais Teanga. D’éirigh linn socraithe éigeandála maoinithe a chur i bhfeidhm do 2025, ach tá sé mar thosaíocht ag mo Roinn oibriú lena gcomhghleacaithe ó Thuaidh idir seo agus deireadh na bliana ar mhaithe le socrú fadtéarmach a fhíorú.

Gabhaim buíochas le baill an choiste as an deis a thabhairt dom labhairt leo inniu agus cuirim fáilte anois roimh phlé ar na athbhreithnithe seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.