Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 24 June 2025
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Clár Oibre agus Tosaíochtaí Údarás na Gaeltachta: Plé
2:00 am
Mr. Rónán Mac Con Iomaire:
Go sonrach, níl na hoifigigh pleanála teanga fostaithe ag Údarás na Gaeltachta ach ag na ceanneagraíochtaí. Is eagrais forbartha pobail iad an formhór acu siúd. Tá struchtúr acu ina bhfuil siad ag fostú daoine cheana féin. Is comharchumainn nó eagrais forbartha pobail iad. Bíonn coistí deonacha laistigh de chuid de na heagrais forbartha pobail. Déanann siad comhairleoireacht agus tacaíonn siad leis an ngné pleanála teanga. I láthair na huaire, tá dhá fholúntas sa réimse pleanála teanga. Tá 33 oifigeach pleanála teanga as 35 fostaithe. Tá sé aitheanta againn go bhfuil athrú ann. Tagann daoine tríd na róil. Tá cúiseanna éagsúla leis sin. Labhraímid leo maidir le céard iad na cúiseanna sin. Mar a dúirt an príomhfheidhmeannach, fanann go leor dóibh - b'fhéidir an formhór acu - ag obair taobh istigh de réimse na Gaeilge. Tá ar a laghad triúr tar éis bogadh amach as róil pleanála teanga i gceantair áirithe chun a bheith mar oifigigh pleanála teanga i gceantair eile. Is cinnte go n-aithnímid go bhfuil ról againn ó thaobh tacaíocht a thabhairt do na ceanneagraíochtaí ó thaobh acmhainní daonna, bainistíocht, rialachas corparáideach agus eile. Tugaimid le chéile ar bhonn rialta na hoifigigh pleanála teanga mar ghrúpa ó thaobh an ghné thacaíochta sin de ach táimid ag tabhairt le chéile freisin bainisteoirí na n-eagras forbartha pobail agus na ceanneagraíochta chun tacaíochtaí a chur ar fáil dóibh. Agus muid ag bogadh ar aghaidh go dtí tréimhse pleananna seacht mbliana nua, aithnímid go mbeadh muid in ann bunchlocha láidre a chur faoin tacaíocht sin bunaithe ar an méid atá foghlamtha againn ón gcéad seacht mbliana seo atá caite.
No comments