Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 24 June 2025
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Clár Oibre agus Tosaíochtaí Údarás na Gaeltachta: Plé
2:00 am
Mr. Tomás Ó Síocháin:
Bheinn santach agus níos mó ná rud amháin a iarraidh, mar chun réiteach na faidhbe seo a fháil, níl aon fhreagra amháin air. Is cinnte go mbeadh sé ina chabhair dá mbeadh soiléireacht ann ó thaobh na dtreoirlínte Gaeltachta. Tá a fhios againn go bhfuil sé beartaithe ag an Aire féachaint ar an gceist sin roimh dheireadh na bliana. Bheadh sé sin ina chabhair mar thabharfadh sé cinnteacht do na forbróirí atá ag iarraidh tithíocht a thógáil sna ceantair Ghaeltachta. Tá muid go láidir den tuairim go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh an coinníoll sin aontaithe ag leibhéal na gcomhairlí áitiúla ar fad le go mbeadh an mhonatóireacht agus an cur chuige céanna ann agus nach mbeadh comhairle contae amháin ag déanamh rud amháin agus comhairle contae eile ag déanamh rud difriúil. Ar shlí, tá an obair sin tosaithe agus tá an próiseas in áit. Mar a luaigh mé, tháinig an tAire chomh fada leis na príomhfheidhmeannaigh ar fad agus phléigh muid an cheist sin. Tá sé i gceist ag an ngrúpa sin teacht le chéile ar bhonn rialta in iarracht freagraí a fháil ar na ceisteanna sin.
Níl aon cheist ach go bhfuil infreastruchtúr, agus uisce go sonrach, ar an gcloch is mó ar ár bpaidrín. Tá sé níos dúshlánaí fós i gceantair phortaigh, mar atá go leor de na ceantair Ghaeltachta. Mar gheall ar an talamh portaigh sin, bíonn sé dúshlánach ó thaobh chúrsaí tógála mar atá sé, ach cuireann easpa infreastruchtúir chuí leis sin. Bheinn ag cur leis sin, mar a thagair mé dó.
Caithfidh muid a bheith coinsiasach i gcónaí. Tá éileamh ann faoi láthair. Anuas air sin, tá éileamh ag teacht ó dhaoine taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá líon na ndaoine atá ag labhairt na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht ag fás. Dar linn, bunaithe ar an taighde atá déanta againn go dtí seo, agus tá muid chun taighde níos cruinne a dhéanamh air seo, tá éileamh níos mó ó dhaoine. In iarracht go mbeidh sé tarraingteach do dhaoine atá ag teacht isteach, ní mór díriú ar na bunrudaí agus an buninfreastruchtúr sin a luaigh mé i gcomhthéacs Stoirm Éowyn, cosúil le leictreachas, uisce, cumarsáid. Tháinig fadhb na cumarsáide, go háirithe clúdach fóin, an teacht aniar agus na cúrsaí sin, go mór chun cinn le linn na stoirme. Tá an t-infreastruchtúr, ní hamháin i gcomhthéacs chúrsaí fiontar agus fostaíochta, ríthábhachtach. Chuirfeadh sé go mór le háiteanna deasa, nó áiteanna níos deise, a chruthú do dhaoine atá ag iarraidh cur fúthu sa Ghaeltacht.
Bheinn ag tagairt ar an dá thaobh. Sa ghearrthéarma, tá an obair ó thaobh polasaí ar bun leis na húdaráis áitiúla. Ar an taobh eile den scéal, ní mór tús a chur láithreach leis an obair ar infreastruchtúr agus na ceisteanna pleanála a bhaineann leis sin. Tá sé sin an-ard ar chlár oibre s’againne.
No comments