Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 24 June 2025
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Clár Oibre agus Tosaíochtaí Údarás na Gaeltachta: Plé
2:00 am
Mr. Rónán Mac Con Iomaire:
I dtosach, i dtaobh athbhreithniú na Roinne, mar is eol don Teachta, tá an Roinn fós ag láimhseáil an phróisis. Níl aon athruithe feicthe againn. Bhí muid páirteach sa chomhairliúchán mar bhí an gréasán pleanála teanga trí chéile sa phróiseas athbhreithnithe. Níl aon léargas feicthe againn ar an athbhreithniú. Sin ráite, mar atá luaite ag an Teachta, tá críoch ag teacht le tréimhse seacht mbliana na bpleananna teanga. Tá naoi gcinn acu ag críochnú i mbliana agus críochnóidh cúig cinn eile sa bhliain seo chugainn. Dá réir sin, tá muid ag obair, beag beann ar a bheith ag fanacht leis an bpróiseas athbhreithnithe. Aithníonn muid go gcaithfidh muid bogadh ar aghaidh maidir leis an struchtúr ó thaobh pleananna nua agus a bheith ag tacú le ceanneagraíochtaí agus le hoifigigh phleanála teanga chun struchtúr a chur in áit le gur féidir pleananna nua a fhorbairt. Tá muid díreach ag críochnú suas. Tá súil againn le tuairisc ar an obair sin a fháil go gairid ón phróiseas comhairliúcháin. Bhí an próiseas comhairliúcháin seo i gcomhar leis na hoifigigh phleanála teanga, ceanneagraíochtaí, eagrais ar nós muid féin, an Roinn, Foras na Gaeilge agus eagrais ar nós Ealaín na Gaeltachtaí, Muintearas agus Tuismitheoirí na Gaeltachta. Breathnaíonn sé ar na deiseanna agus na ndúshlán, chomh maith leis na seacht mbliana atá caite. Tabharfaidh sé cabhair dúinn agus muid ag breathnú ar phróiseas nua a fhorbairt ó thaobh pleananna nua teanga a dhearadh. Beidh siad déanta ar bhonn teimpléid agus cuirfear tacaíochtaí ar fáil d’oifigigh pleanála teanga agus ceanneagraíochtaí. Tá sé sin á dhéanamh agus muid ag fanacht ar an bpróiseas athbhreithnithe a bheith curtha os ár gcomhair.
No comments