Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 24 June 2025
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Clár Oibre agus Tosaíochtaí Údarás na Gaeltachta: Plé
2:00 am
Mr. Tomás Ó Síocháin:
Tá. Ní bhaineann sé sin go sonrach le tithíocht. Ar shlí, téann sé ar ais ag bunchuspóir na hoibre atá ar siúl againn: fiontraíocht, fostaíocht agus forbairt pobal. Tá buiséad ann in aon áit go mbíonn deis againn teacht ar thalamh nó ar áitreabh a bheadh ag cur lenár gcuid oibre. Mar a luaigh mé níos luaithe, tá píblíne ag fanacht ar áitreabh, cur i gcás i gConamara theas. Dá mbeadh teacht againn ar a thuilleadh spáis fiontraíochta ansin, bheadh muid in ann é a líonadh. Leis an éiginnteacht ó thaobh cúrsaí pleanála agus an am a thógann sé, is próiseas fadálach é sin. Nuair a thagann comhlachtaí chomh fada linn, go minic bíonn siad ag rá nach féidir leo fanacht, cur i gcás, trí bliana chuige sin nó pé rud é. In aon chás go dtagann rud éigin ar an margadh, bímid ag féachaint air, déanaimid measúnú air más gá, agus breathnaímid air ag féachaint an bhfuil ciall leis agus ansin cuirtear cás gnó le chéile os comhair an bhoird.
Go sonrach, agus san idirthréimhse seo, tá sé ráite ag an Aire go bhfuil seisean ag féachaint ar ról an údaráis agus ar na threoirlínte pleanála. Ar shlí, maidir leis an méid atá curtha i láthair againn inniu, ní fheicim go dtiocfaidh mórán athrú ar an gcur chuige sin go dtí go dtagann an tAire ar ais chugainn i dtreo dheireadh na bliana le rá gur féidir linn é seo nó é siúd a dhéanamh. Tuigim chomh maith céanna go bhfuil ceist na tithíochta luaite sa reachtaíocht atá os comhair na Dála. Arís, níl sé soiléir, go dtí go bhfuil sé sin imithe tríd na Dála agus plé a bheith againn le Roinn na Gaeltachta ina dhiaidh sin. Níl airgead nó maoiniú sonrach in áit ó thaobh tithíochta. Cinnte, ag an tráth seo, tá sé i measc na nithe go bhfuil muid ag féachaint air ach níl sé ar bharr an liosta againn agus muid ag féachaint ar shuíomhanna atá ag teacht chun cinn. Táimid tar éis féachaint ar na suíomhanna atá againn inár seilbh. Go dtí go bhfuil duine éigin, bíodh sé sin ag leibhéal an Aire nó ag leibhéal na Ranna, tar éis ceist a chur orainn athrú a dhéanamh ar an gcur chuige sin, feicimid go bhfuilimid tar éis cur síos a dhéanamh ar an méid atá déanta againn go dtí seo, go bhfuil an tAire tar éis a rá go bhfuil sé ag féachaint ar na ceisteanna seo agus nuair a thiocfaidh seisean nó an Roinn ar ais chugainn ag iarraidh orainn é seo nó é siúd a dhéanamh, déanfaimid é sin go cinnte ag an am sin.
No comments