Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 24 June 2025

Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community

Clár Oibre agus Tosaíochtaí Údarás na Gaeltachta: Plé

2:00 am

Mr. Tomás Ó Síocháin:

Tá cáipéis curtha le chéile againn agus is féidir linn é a scapadh i measc na baill. Is cáipéis é atá glanta ag an mbord agus déanann sé cur síos ar na céimeanna éagsúla agus tugann sé eolas faoin obair atá ar bun. Faoi láthair, tá tairiscint Eorpach á plé againn leis an Roinn caiteachais phoiblí. Tugtar "tairiscint nuálaíoch" air. Roimh na Nollag, chuamar amach ag an margadh agus chuireamar ceist an raibh éinne in ann an obair seo a dhéanamh, sé sin le rá, gléas a chur ar fáil dúinn a bheadh in ann an tseirbhís céanna a thabhairt dúinn i mBéarla agus i nGaeilge agus ach go háirithe a bheadh in ann é sin a dhéanamh ó bhéal, ionas go mbeadh daoine in ann labhairt leis an gléas agus go dtugadh sé freagra ina rogha canúna. Thug an taighde bunaithe ar an margadh le fios dúinn go bhfuil féidearthachtaí ann. Tá roinnt comhlachtaí tar éis dul cuid den bhealach agus le roinnt comhlachtaí eile, is dócha go bhfuil na nithe ann gur féidir linn a tharraingt le chéile.

Maidir leis an méid atá ar siúl againn faoi láthair, tá suas le dhá scór áisíneacht Stáit tar éis teacht chugainn agus tá mé tar éis seisiún a eagrú ag iarraidh fáil amach cén úsáid a bheidh acu as an ngléas seo. Is é an margadh atá muid ag díriú air ná go bhfuil 1.9 milliún duine, de réir an daonáirimh, sa tír seo a deireann go bhfuil Gaeilge acu. Is iad sin na daoine a bhfuil muid ag iarraidh freastal orthu. An praghas a chuireamar ar an tairiscint sin sa cháipéisíocht roimh na Nollag ná €1 milliún mar uasmhéid. Baineann an bhriseadh síos atá i gceist leis sin le dhá rud ar leith. D'fhéadfaimid - tuigim go bhfuil cúlra ag an Teachta sna cúrsaí seo - mar a thugann siad air “software as a service” a úsáid agus ní bheadh aon rud i bhfoisceacht €1 milliún i gceist. Má tá an táirge forbartha agus má tá sé ar fáil, is féidir linn dul amach ar thairiscint agus conradh a chur in áit. Is bealach amháin é sin chun é a dhéanamh.

Tá bealach eile ann. Ba cheart go mbeadh sé seo forbartha go sonrach agus maoinithe ag an Stát ionas go mbeidh saorchead againn é a úsáid. Táimid ag obair le Coláiste na Tríonóide faoi láthair, bunaithe ar thaighde atá déanta acu siúd. Más féidir linn tógáil air sin beagán, beimid in ann an IP a cheannach. D'fhéadfadh go mbeadh costas níos mó i gceist leis sin ach bheadh saorchead againn é a úsáid i ndiaidh sin. Tá figiúr luaite againn mar shuim chaipitil ach feictear dúinn go mbeidh suimeanna eile ann ó thaobh cúrsaí bainistíochta ó lá go lá san áit ina bhfuil sé á óstáil. Beidh sé sin mar chuid den chroíchóras atá ar bun ag an Stát. Tá an cheist sin á plé againn leis na Ranna Stáit atá ag cur seirbhísí ar fáil don phobal mar atá. Feictear dúinn go mbeadh i bhfad níos mó céile leis sin. Táimid tar éis bheith ag obair leis an OGCIO agus tá taithí acu siúd a bheith ag plé leis na cúraimí seo. Táimid ag obair as lámha a chéile leo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.