Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 24 June 2025
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Clár Oibre agus Tosaíochtaí Údarás na Gaeltachta: Plé
2:00 am
Mr. Tomás Ó Síocháin:
Gabhaim buíochas leis an Teachta Ní Raghallaigh.
Tógfaidh mé roinnt de na ceisteanna sin agus iarraidh mé ar Rónán Mac Con Iomaire teacht isteach ar chúrsaí pleanála teanga agus tithíocht.
Ba mhaith liom ceann de na rudaí a bhí i gceist agam a dhéanamh agus mé ag teacht os comhair an choiste inniu a lua. Tá a fhios agam ó bheith ag plé le go leor de na baill arís is arís eile gur ceist an-tábhachtach í seo. Tá a fhios againn ó bheith ag plé ní hamháin leis an bhfoireann atá ag obair linn lá i ndiaidh lae ach freisin leis an dream atá ag iarraidh bheith ag obair linn go bhfuil sé mar chosc orthu. Fad is atáimid ag cruthú fostaíochta, is léir dúinn ó aiseolas ó na cliantchomhlachtaí go bhfuil fadhbanna tithíochta mar bhac ar fhorbairt agus ar fhostaíocht dá bharr. Chuige sin, thart ar bhliain ó shin thógamar comhairle dlí le bheith cinnte go bhfuilimid ar thalamh slán an méid atá ar bun againn a dhéanamh. Thuigeamar láithreach bonn ón mbord go raibh an bord an-soiléir faoi cúpla rud. Ar an gcéad dul síos, ní raibh sé ag iarraidh go mbeadh an t-údarás mar fhorbróir tógáil tithe ach go mbeadh acmhainní eile againn i bhfoirm deontais, bíodh sé sin ag tacú leis na heagraíochtaí forbartha pobail nó aon dream eile. Chuige sin, chuamar tríd an punann maoinithe ar fad agus tá roinnt mhaith suíomhanna aimsithe againn. Níl aon cheann acu foirfe. Maidir le go leor acu i gceantar tearcfhorbartha, tá na dúshláin ceannann céanna atá in aon áit ar fud na tíre, sé sin easpa seirbhísí uisce agus fuíolluisce, agus rudaí den tsórt sin. In ainneoin sin, shocraíomar - cheadaigh an bord dúinn é seo a dhéanamh - tús a chur le plé leis na húdaráis áitiúla. Bhí sé sin á dhéanamh againn ceann ar cheann, agus luafaidh mé an dul chun cinn is mó atá déanta againn. Tá sé tráthúil go mbhfuilimid ag teacht os comhair an choiste inniu tar éis don Aire, an Teachta Calleary, teacht isteach le bualadh linn agus leis na príomhfheidhmeannaigh sna comhairlí áitiúla ar fad an Déardaoin seo caite. Labhair sé go láidir ar an gceist seo agus rinne sé soiléir go bhfuil ról suntasach ag na húdaráis áitiúla san obair sin. Tá an maoiniú in áit ag an Stát. Tá sé ar fáil do na húdaráis áitiúla agus tá sé ráite againn go poiblí agus ag an cruinniú go bhfuil an t-údarás sásta aon ní gur féidir linn a dhéanamh chun cabhrú leis sin.
Luaigh an Teachta an ról atá ag Comhairle Contae Mhaigh Eo. Léiríonn an taighde atá déanta go bhfuil go leor tithe tréigthe, seantithe agus mar sin de sa Ghaeltacht. Feictear dúinn go bhfuil deis ann ar dhá bhealach ar leith dul chun cinn a dhéanamh mar údarás i bpáirt leis na húdaráis áitiúla. Ar an gcéad dul síos, tá airgead agus maoiniú in áit ar son tithe tréigthe. In áiteanna, níl daoine ar an eolas faoi sin, nó b'fhéidir go gceapann siad go bhfuil an chóras casta. Tar éis dúinn é sin a phlé leis na comhairlí áitiúla, shocraíomar ról a mhaoiniú i gcomhair duine a bheadh i mbun triage i gComhairle Contae Mhaigh Eo, a bheadh ag cur seirbhísí i nGaeilge ar fáil, agus a bheadh ag obair go hinmheánach leis na hoifigigh céanna sna rannóga agus sna húdaráis áitiúla sna seacht gcontae Gaeltachta. Tá sé i gceist againn a chinntiú go bhfaighidh daoine Gaeltachta a thagann go dtí an doras freagra ar a gcuid ceisteanna agus go mbeidh duine ag cabhrú leo go sonrachtrí mheán na Gaeilge dul chun cinn a dhéanamh ar an gceist sin.
Comhthreomhar leis sin, tá go leor de na heagrais forbartha pobail tar éis ceannródaíocht a léiriú. Tá taighde déanta againn ar iontaobhas poiblí tithíochta ag tógáil ar an múnla tithíocht pobail, nó community housing. Feictear dúinn go bhfuil deiseanna ansin chomh maith. Ón Aoine seo caite, rinne an bord leasú ar na deontais a bhí in áit againn le fada an lá ag díriú go sonrach ar an ngné sin den obair ionas go mbeadh uasmhéid €300,000 ann mar thacaíocht don eagras forbartha pobail atá ag iarraidh aghaidh a thabhairt ar an dúshlán seo. Leis an méid sin ráite, iarrfaidh mé ar Rónán Mac Con Iomaire tagairt a dhéanamh don togra sin ag úsáid Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne mar shampla, agus ar an gceist níos leithne ó thaobh pleanáil teanga agus an reachtaíocht.
No comments