Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 25 September 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Cur Chuige an Stáit i gCur Chun Cinn Chóras Gaeloideachais: An tAire Oideachais

1:30 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Fáiltím roimh an Aire. Níl mórán ama againn agus tá go leor ceisteanna agam. Déanfaidh mé iarracht bheith gonta. Fáiltím roimh an ráiteas ginearálta maidir leis an bplé atá ar bun leis an Roinn leanaí faoin luathoideachas agus cúram do ghasúir. Tagraítear do chúraimí agus luathoideachas lán-Ghaeilge. Rud amháin atá suntasach sna figiúirí atá againn ná go dtéann formhór gasúir na tíre tríd scoileanna nach scoileanna lán-Ghaeilge iad. Tá aithne agamsa ar dhaoine a rinne sealbhú iontach ar an nGaeilge ó Thuath i dtrí scoileanna a bhí ag teagasc trí Bhéarla. An raibh aon phlé ag Roinn an Aire leis an Roinn leanaí maidir le gné Ghaeilge a thabhairt isteach i gcúram leanaí go ginearálta, trí fhíseán, téipeanna beaga, rannta, nó dánta a mhúineadh trí Ghaeilge? Tá an cheist chéanna agam faoin luathoideachas atá faoi chúram Roinn an Aire. Níl aon cheist faoi ach go bpiocann gasúir de bhliain, dhá bhliain nó trí bliana dhá theanga suas chomh héasca le teanga amháin. Nílimid in ann é sin a dhéanamh mar dhaoine fásta, ach tá gasúir in ann é a dhéanamh gan stró ar bith. Aisteach go leor, tá siad in ann é a dhéanamh go gramadúil agus go ceart. Sin é an chéad cheist atá agam.

Bhí sracfhéachaint agam ar an gcreat den pholasaí oideachas lán-Ghaeilge agus ní fheicim aon chosán soiléir maidir le bunú scoileanna lán-Ghaeilge le freastal ar riachtanas. Ní fheicim, mar shampla, aon mholadh go mbogfaimid ón gcóras atá ann i láthair na huaire. Sa chóras atá againn faoi láthair, má tá scoil nua le bunú, bíonn pátrúin Gaelscoileanna in iomaíocht le pátrúin scoileanna Bhéarla. Má tá 1,000 duine ag iarraidh scoil sa cheantar agus 800 acu siúd ag iarraidh scoil Bhéarla agus 200 ag iarraidh scoil Ghaeilge, ní thógfar scoil Ghaeilge. Mura dtéimid i ngleic leis sin sa pholasaí oideachais trí Ghaeilge, beidh teip orainn.

An tríú phointe ná go bhfeicim tagairtí do sholáthar múinteoirí oilte, go mór mór sna meánscoileanna, áit a bhfuil géarchéim sna hábhair éagsúla, atá in ann feidhmiú i suíomh lán-Ghaeilge. Tá fadhb ollmhór ag na scoileanna. Bhí mé as baile, ar an taobh eile den Atlantach, go dtí inniu, so níor éirigh liom gach rud a léamh go mion. An bhfuil plé ar bun leis an Roinn Oideachais le cinntiú go mbeidh soláthar múinteoirí atá in ann teagasc trí Ghaeilge?

Tá tagairt ann do T1 agus T2. Ó thaobh na hardteiste, caithfimid seo a ardú. Is í fírinne an scéil ná gur rás pointí atá san ardteist anois le fáil isteach sna coláistí tríú leibhéal. Mura bhfuil buntáiste leis an gcúrsa deacair a dhéanamh agus más féidir le dalta na pointí céanna a fháil don CAO tríd an gcúrsa éasca a dhéanamh, tuige nach ndéanfadh fiú na cainteoirí is dúchasaí ar domhan sin? Más féidir le dalta A1, nó cibé bealach a dhéantar anois é, a thabhairt leo go héasca, cén fáth nach ndéanfadh siad sin? Go dtí go ndéileálfar leis sin, níl aon ghlacadh agamsa leis an gcóras T1 agus T2 mar a luaitear. Feictear domsa nach mbeadh duine ina ciall a dhéanfadh an cúrsa deacair nuair atá siad in ann an leas céanna a bhaint ón gcúrsa éasca a dhéanamh ó thaobh pointí de. Is rás pointí é, cuma má thaitníonn sé sin nó nach dtaitníonn sé linn. Sin mar atá i láthair na huaire. Tuige nach ndéanfadh siad an cúrsa níos éasca dá bhfaigheadh siad na pointí ceannann céanna as ucht leath na hoibre? Dá mbeadh mise ar an scoil, sin a dhéanfainn.

Cuireadh an cheist seo ar an Aire cheana ach táim chun é a chur ar bhealach difriúil. Céard atá an Roinn Oideachais chun a dhéanamh le cinntiú go mbeidh soláthar agus freastal trí mheán na Gaeilge á dhéanamh ag leithéidí boird oideachais ar fud na tíre ar scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge? Níl sé sin ag tarlú i láthair na huaire agus ní féidir linn bheith ag brath ar dea-thoil. Ba cheart go mbeadh sé de cheart ag scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta go ndéanfaí freastal orthu trí mheán na Gaeilge. Céard atá muid chun a dhéanamh leis sin a chinntiú? An mbeidh rud éigin sa pholasaí oideachais lán-Ghaeilge leis sin a dhearbhú?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.