Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 25 September 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Cur Chuige an Stáit i gCur Chun Cinn Chóras Gaeloideachais: An tAire Oideachais

1:30 pm

Photo of Mairéad FarrellMairéad Farrell (Galway West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá ceist eile agam agus ba mhaith liom a rá díreach faoi na díolúintí freisin. Tuigim gur ardaigh mé é seo leis an Aire cheana nuair a bhí sí os comhair an choiste. Caithfidh mé a rá go n-aontaím leo siúd atá buartha faoi seo. Ní hé sin le rá go bhfuilim ag tabhairt amach nó tada mar sin ach tá mé ag rá go gcaithfimid breathnú ar na figiúirí agus, uaireanta, caithfimid a rá linn féin, más rud é go bhfuil sé seo ag tarlú, más rud é go bhfuil líon na ndíolúintí ag ardú, agus más rud é go bhfuil an ceart ag an méid atá ráite ag an Teachta Connolly go bhfuil líon daoine ag fáil díolúintí don Ghaeilge ach fós atá ag suí a gcuid Gearmáinise agus Fraincise nó pé rud é, go bhfuil fadhb ann. Tá mise á rá sin ag teacht ó theaghlach nár labhair Béarla sa bhaile agus muid ag fás aníos. Bhí sé an-aisteach ag an am mar ní raibh an oiread sin daoine ag labhairt teangacha éagsúla seachas Gaeilge agus Béarla sa bhaile. Cé nach raibh Gaeilge ag mo chuid tuismitheoirí, bhí mé in ann, le linn dom a bheith ag dul ar scoil, an teanga a fhoghlaim. Is minic nuair a bhíonn níos mó ná teanga amháin agat ón mbaile, go bhfuil sé i bhfad níos éasca teanga eile a fhoghlaim. Tuigimid é sin ar fad. Is minic agus feictear é agus daoine ag bogadh go hÉirinn go bhfuil na daoine seo ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim mar gheall go dtuigeann siad cé chomh tábhachtach is atá teangacha difriúla, agus go bhfuil tuairimí agus tuiscintí éagsúla ag daoine le teangacha difriúla agus chuile shórt mar sin. Mar gheall air sin ar fad, nuair atáimid ag caint faoi dhíolúintí, tá sé fíorthábhachtach go mbreathnaímid ar na fíricí agus más rud é go bhfuil deacracht ann, go mbeimid ionraic faoi agus go ndéanfaimid ár ndícheall breathnú air sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.