Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 25 September 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Cur Chuige an Stáit i gCur Chun Cinn Chóras Gaeloideachais: An tAire Oideachais

1:30 pm

Photo of Mairéad FarrellMairéad Farrell (Galway West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá sé iontach go bhfuil an deis againn labhairt leis an Aire Oideachais agus lena Roinn faoi chúrsaí éagsúla. Tá mé beagáinín faoi bhrú ama mar go bhfuil cruinniú eile ar siúl agam ag an am céanna ach bhí mé ag iarraidh cúpla rud a ardú leis an Aire.

Táim ag iarraidh filleadh ar an gcreat don pholasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Téann sé ar ais chuig an gcraic seo faoi na spriocanna agus nach bhfuil a dhóthain spriocanna ann. Má bhreathnaímid ar an méid atá sa Bhreatain Bheag, mar shampla, tá spriocanna sonracha leagtha amach ag Rialtas na Breataine Bige faoi líon na ndaltaí a fhaigheann oideachas trí mheán na Breatnaise agus cé chomh hard atáthar ag iarraidh go mbeadh an líon seo. Tá Rialtas na Breataine Bige ag rá go bhfuil sé ag iarraidh líon na ndaltaí a ardú ó 23% go 40% faoi 2050. Tuigim gur creat den pholasaí é seo. Ag an bpointe seo cén fáth nach bhfuil na spriocanna sin san áireamh sa chreat seo? An mbeidh spriocanna leagtha amach sa leagan deireanach den pholasaí ionas go bhfuil sé iomlán soiléir cé mhéad dalta a bheidh ag déanamh a chuid oideachais trí mheán na Gaeilge agus líon na nGaelscoileanna nua a bhunófar? Bheadh sé sin suimiúil. An mbeidh sé sin ann go soiléir sa leagan deireanach? Cén fáth nach bhfuil sé mar chuid lárnach den chreat?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.