Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 25 September 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Cur Chuige an Stáit i gCur Chun Cinn Chóras Gaeloideachais: An tAire Oideachais
1:30 pm
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Tá dhá phointe eile. Ó thaobh díolúintí de, agus bhí an tAire os ár gcomhair an bhliain seo caite, tá líon na ndíolúintí ó thaobh na Gaeilge de ag tabhairt cúis imní ollmhór do mhúinteoirí ar an talamh agus do thuismitheoirí. De réir mar a thuigim, tugadh níos mó ná 50,000 díolúintí. Más buan mo chuimhne, bhí tuairim eile ag an Aire ó thaobh na ,díolúintí de. Is ábhar buairt é an méid díolúintí atá ann. Bhí cruinniú againn inniu le Foras na Gaeilge agus bhí coincheap nó smaoineamh iontach acu ó thaobh an Gaelbhratach de agus é a úsáid mar thogra píolótach sna scoileanna ina bhfuil líon na ndíolúintí ró-ard. An mbeadh an tAire oscailte d'iarratas airgead nó acmhainní a chur ar fáil chun breathnú ar bhealaí difriúla dul i ngleic leis an fhadhb seo? Is fadhb ollmhór atá ann.
No comments