Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 25 September 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Cur Chuige an Stáit i gCur Chun Cinn Chóras Gaeloideachais: An tAire Oideachais
1:30 pm
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Tagann dreamanna os ár gcomhair gach seachtain agus éistimid go cruinn leo. Sin an buntáiste atá againn. D'éisteamar leis an bhForas Pátrúnachta, Conradh na Gaeilge, Gaeloideachas, Tuismitheoirí na Gaeltachta agus dreamanna eile. Nílim fiú ag déanamh trácht ar na hagóidí taobh amuigh den Dáil ó thaobh an éileamh atá ar oideachas lán-Ghaeilge. Gan cearta a bheith sa pholasaí, ní fiú tráithnín é. Táimid ag an bpointe anois nach bhfuil an Roinn Oideachais ábalta freastal ar an éileamh fiú. Sin an bun teachtaireacht a thugtar le fios dúinn an t-am uilig. Níl an Roinn Oideachais ag coinneáil suas leis an éileamh atá ar an talamh ó thaobh oideachas trí mheán na Gaeilge. Is é sin an fáth a rabhamar ag tnúth leis an bpolasaí seo. Tús nua a bheadh ann agus deis déileáil leis an éileamh. Is rud thar a bheith dearfach é seo. Chualamar scéal maith faoi Synge Street CBS le déanaí.
No comments