Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 25 September 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Cur Chuige an Stáit i gCur Chun Cinn Chóras Gaeloideachais: An tAire Oideachais
1:30 pm
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Is mór an trua é sin. Táimid anseo chun é a phlé inniu. Tá gá níos práinní anois a chur in iúl go mbeidh an polasaí mar dhréachtpholasaí agus tuilleadh comhairliúcháin a lorg ionas go mbeidh tuarascáil againn atá chomh dearfach agus spriocdhírithe leis seo. Tá eagla orm go bhfuil an creat, agus tá sé seo ráite agam faoi thrí, ró theibí. Níl ceangal ama i gceist leis, níl sé dírithe agus níl sé bunaithe ar chearta. Má tá sé fíor nach bhfuil formhór na dreamanna saineolaithe sásta leis an gcreat polasaí seo, an mbeadh an tAire sásta dréachtpholasaí a fhoilsiú agus próiseas comhairliúcháin eile a chur ar siúl ionas go mbeidh polasaí láidir againn don oideachas taobh amuigh den Ghaeltacht? Tá géarchéim ann, agus táimid go léir ar aon intinn faoi sin. Is é sin an fáth go bhfuil gá práinneach le polasaí láidir.
No comments