Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 25 September 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Cur Chuige an Stáit i gCur Chun Cinn Chóras Gaeloideachais: An tAire Oideachais

1:30 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Tuigim é sin. Tá na haighneachtaí os mo chomhair. Bhí 10,499 ceistneoir, 159 aighneacht agus 308 duine ann. Níl mé chun am a chur amú anseo. Tá an t-eolas os mo chomhair. Tá a fhios agam go raibh aighneachtaí agus aiseolas ann. Is é croílár na ceiste, áfach, de réir mo thuisceana, ná nach bhfuil siad sásta leis an chreat don pholasaí seo. Tá sé ró theibí agus níl aon cheangal ama i gceist.E

Mar shampla, bhí moltaí déanta ag SEALBHÚ agus níor glacadh le cuid de na moltaí sin. Níl aon bhunús nó rationale, de réir mar a thuigim, leis. Mar shampla, moladh amháin ó SEALBHÚ ná gur cheart go mbeadh ceart ag tuismitheoirí in Éirinn oideachas trí mheán Ghaeilge a éileamh dá bpáistí agus gur cheart chomh maith go mbeadh dualgas ar na húdaráis chuí freastal ar an éileamh sin. Sin moladh láidir amháin gur chóir go mbeadh cearta ag tuismitheoirí. Moladh eile a bhí ag an eagraíocht ná gur chóir pleananna a leagadh amach ina mbeadh spriocanna cinnte, faoi mar atá i ndlínsí eile, mar shampla, An Bhreatain Bheag agus Tír na mBascach, le cur go mór leis an soláthar atá ann don oideachas trí mheán na Gaeilge. Tá mé ag déanamh moltaí a phiocadh agus b'fhéidir nach bhfuil sé sin féaráilte ach sin an t-aisfhreagra atá faighte agam. Tá dhá mholadh láidir i gceist agus níl siad luaite beag ná mór sa chreat.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.