Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 25 September 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Cur Chuige an Stáit i gCur Chun Cinn Chóras Gaeloideachais: An tAire Oideachais
1:30 pm
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Ba mhaith liom a bheith dearfach agus a bheith in ann a rá céad mílte fáilte roimh an pholasaí seo. Cé nach saineolaí mé, tá mé in ann rudaí a léamh agus tá dhá chluas le héisteacht agam. De réir mar a thuigim, tá míshástacht ar dhaoine agus eagraíochtaí ar an talamh ó thaobh an chreatpholasaí seo.
Tá sé léite agam go raibh cruinniú ar an Aoine seo chaite ina raibh aiseolas dearfach. Ní hé sin mo thuiscint air. De réir mo thuisceana, tá na daoine ar an talamh buartha ar cé chomh teibí is atá an rud seo gan sprioc ama, ceangal ama, beart nó gan aon cheart á chur isteach ó thaobh cearta oideachais Ghaeltachta, rud a bhí ina mholadh mór ag SEALBHÚ. Ag an bpointe seo, gan tuilleadh a rá, an bhfuil an tAire agus na hoifigigh i ndáiríre ag rá dúinn go raibh an t-aiseolas a fuair an Roinn dearfach agus go raibh daoine sásta leis an bpolasaí seo?
No comments