Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 25 September 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Cur Chuige an Stáit i gCur Chun Cinn Chóras Gaeloideachais: An tAire Oideachais

1:30 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas le Lisa Nic Dhoinnléibhe.

Ag dul ar ais go dtí an tAire, tá muid go léir ag fanacht, cosúil leis na trí rún Fatima, don pholasaí do chúrsaí oideachais taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá dea-scéal, ar leibhéal amháin, mar tá creat don pholasaí againn. Tá sé léite agam. Is maith an rud é sin. Tá an creat léite agam, chomh maith leis an achoimre ón taighde a rinne SEALBHÚ. Is mian liom é seo a chíoradh amach, b’fhéidir. Bhí muid ag fanacht leis seo.

Ní hionann creat agus polasaí. Is ionann creat agus fráma nó skeleton. Is é sin an fáth nach bhfuil a lán rudaí lena raibh mé ag súil laistigh den chreat seo. An mbeidh dréachtpholasaí á fhoilsiú ag an Roinn agus próiseas comhairliúcháin eile i gceist ó thaobh polasaithe de, mar a bhí ann don pholasaí seo?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.