Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 25 September 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Cur Chuige an Stáit i gCur Chun Cinn Chóras Gaeloideachais: An tAire Oideachais
1:30 pm
Ms Lisa Nic Dhoinnléibhe:
Cinnte. Tá muid tar éis breathnú ar roinnt de na dréacht thuairiscí atá tagtha. Tá roinnt cur i láthair déanta ag an bhForas Taighde Oideachais dúinn, ar an ngnóthachtáil ach go háirithe. D’imigh sé amach agus rinne sé an ghnóthachtáil a mheas ó thaobh teanga de sna scoileanna. Bhí sé ar intinn againn go mbeadh gnóthachtáil tomhaiste roimh agus i ndiaidh an pholasaí ach níor éirigh linn é sin a fháil de bharr Covid-19. Tá sé an-suimiúil nuair a bhreathnaítear ar na sonraí sin agus ar chumas teanga na bpáistí, ag brath ar an nGaeltacht agus na Gaeltachtaí éagsúla. Beidh muid in ann foghlaim uaidh sin agus ó thuairimí na dtuismitheoirí agus na scoileanna.
Is éard atá ag teacht chun cinn ná go bhfuil an-dul chun cinn ó thaobh caighdeánú trasna na scoileanna Gaeltachta. Mar shampla, tá an luath tumoideachais iomláin ar bun sna scoileanna uilig. Tá an-chuid cleachtas feabhsaithe de bharr an pholasaí sin. Tá scoileanna ag teacht le chéile leis an bpobal leis an bpleanálaí teanga chomh maith. Tá rudaí dearfacha mar sin ag teacht chun cinn.
Chomh maith leis sin, tá dúshláin ann, gan amhras, ó thaobh cumas teanga de i gceantair éagsúla, an méid teanga a úsáidtear lasmuigh den scoil agus na deiseanna cainte sin. Tá tionchar agus éifeacht an-mhaith cloiste againn ón méid atá feicthe agus faighte againn ón Fhoras Taighde Oideachais. Beidh dúshláin ann gan amhras chomh maith.
Sa chéad pholasaí eile, beidh muid ag díriú ar na dúshláin sin agus ag leanúint ar an aistear sin leis na scoileanna.
No comments