Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 25 September 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Cur Chuige an Stáit i gCur Chun Cinn Chóras Gaeloideachais: An tAire Oideachais

1:30 pm

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá an-áthas orm a bheith os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge tráthnóna. Ar dtús, gabhaim buíochas leis an gcoiste as ucht an chuiridh, an ama agus an deis a thabhairt dom bualadh agus labhairt leis inniu. Tá cur chun cinn na Gaeilge ar cheann de na tosaíochtaí atá agam mar Aire Oideachais agus cuirim fáilte roimh an deis é seo a phlé inniu. Mar is eol do na baill, tá oifigigh mo Roinne liom inniu.

Tá ról ríthábhachtach ag an Roinn Oideachais i dtaobh na Gaeilge agus bíonn sé i gcónaí mar sprioc againn caighdeán oideachas na Gaeilge a fheabhsú i suímh meán-Bhéarla agus i suímh lán-Ghaeilge araon. Tuigim gur mhaith leis an gcoiste díriú ar an oideachas lán-Ghaeilge agus, mar sin, díreoidh mé ar straitéis na Roinne ina leith sin. Déanann mo Roinn infheistíocht shuntasach san oideachas lán-Ghaeilge. Mar shampla, cuireann an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta tacaíocht luachmhar ar fáil dár scoileanna lán-Ghaeilge chomh maith le mol digiteach d'acmhainní Gaeilge a cuireadh ar fáil le déanaí. Le linn théarma an Rialtais seo, tá maoiniú do COGG méadaithe ó €1.3 milliún go dtí €3 mhilliún i mbliana, níos mó ná a dhúbailt de mhéadú. Tá foireann COGG méadaithe faoi dhó freisin chun breis tacaíochta a thabhairt dár scoileanna. Is seirbhís tacaíochta nua í Oide a chuireann deiseanna foghlama gairmiúla ar fáil do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile. Bunaíodh GaelAonad, atá mar chuid de Oide, le foireann ar leith atá tiomanta don Ghaeilge.

Tá a lán forbairtí curaclaim eile ag tarlú maidir leis an nGaelainn chomh maith. Mar shampla, tabharfar aitheantas dár scéalta agus dár stair chultúrtha agus teangeolaíoch sa churaclam do na luathbhlianta, Aistear. Is creatchuraclam é Aistear a úsáidtear i suímh luathfhoghlama agus i ranganna naíonán. Chomh maith leis sin, tá athbhreithnithe ar bun ar shonraíochtaí teanga don tsraith shóisearach agus don tsraith shinsearach. Tá sé i gceist curaclam nua leasaithe don Ghaeilge sa tsraith shinsearach a thabhairt isteach i mí Mheán Fómhair 2028. Tá dul chun cinn á dhéanamh freisin ó thaobh polasaí de chun soláthar an tumoideachais a neartú.

Tá dul chun cinn fiúntach déanta ag mo Roinnse maidir le cur i bhfeidhm an pholasaí don oideachas Gaeltachta. Sampla tábhachtach amháin den dul chun cinn sin ná bunú an B.Oid agus an M.Oid trí mheán na Gaeilge. Tugann na cúrsaí staidéir seo deiseanna do mhúinteoirí a gcáilíochtaí múinteoireachta a bhaint amach go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Chabhraigh an polasaí go mór leis an soláthar lán-Ghaeilge a neartú i gceantair Ghaeltachta tríd an scéim aitheantais scoileanna Gaeltachta. Mar thoradh ar obair chrua agus dúthracht don scéim, tá aitheantas mar scoil Ghaeltachta le bronnadh ar bhreis agus 120 scoil an mhí seo chugainn. Chomh maith leis sin, tá polasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht á fhorbairt faoi láthair.

Maidir leis an soláthar don oideachas lán-Ghaeilge, tá méadú tagtha ar líon na scoileanna lán-Ghaeilge go 299 in 2024. Ón mbliain 2013, tá €840 milliún infheistithe againn i bhfoirgnimh scoile nua chun tacú leis an oideachas lán-Ghaeilge. Mar is eol don choiste, d'fhógair mé le déanaí go mbeidh Scoil na mBráithre Críostaí Sráid Synge ag athrú go soláthar lán-Ghaeilge ag tosú in 2026. Tá gach ceantar difriúil agus, chun cur le líon na ndaltaí san oideachas lán-Ghaeilge, beidh orainn go léir, is é sin an Roinn, scoileanna, pátrúin agus páirtithe leasmhara eile, comhoibriú le chéile chun toradh dearfach a bhaint a bhaint amach.

Beidh na polasaithe, na tacaíochtaí agus na tionscnaimh go léir atá luaite agam tráthnóna mar bhunchloch ríthábhachtach agus muid ag féachaint ar na bealaí gur féidir an t-oideachas lán-Ghaeilge a neartú níos mó fós.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.