Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 10 July 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Éileamh don Ghaelscolaíocht: Plé (Atógáil)

1:30 pm

Dr. Jacqueline de BrĂșn:

Tá na scoileanna ullmhaithe do sin, tá straitéisí acu ó bheith ag plé le tuismitheoirí. Tá gach rud ag teacht le chéile. Mar chuid den oiliúint a fhaigheann múinteoirí, taispeántar dóibh conas déileáil le tuismitheoirí agus iad a choinneáil ar bord. Tá straitéisí acu leis na daltaí a ullmhú a oiread agus is féidir i láthair na scoile ionas go mbeidh siad in ann an obair a dhéanamh go neamhspleách sa bhaile agus na tacaíochtaí breise sin a chur i bhfeidhm. Bhí cuid mhaith cainte faoi imeachtaí iarscoile, clubanna obair bhaile agus rudaí den chineál sin le tacaíocht a thabhairt do dhaltaí agus fosta le tuismitheoirí a choinneáil ar bhord. Bíonn tuismitheoirí ag iarraidh bealaí agus straitéisí le tacú lena gcuid páistí. Má bhíonn tacaíocht sa bhaile, tá a fhios againn uilig mar mhúinteoirí go mbíonn caighdeán níos airde ag na daltaí. Tá rudaí ann a bhaineann le coincheap nach mbaineann le teanga, mar shampla sa mhatamaitic agus san eolaíocht. Le rudaí mar sin, is féidir le tuismitheoirí a bheith ag tacú lena bpáistí; is cuma cén teanga atá i gceist. Fiú sna luathbhlianta, is féidir leat rannta agus rímeanna a léamh le do pháistí i do rogha theanga. Is cuma faoin teanga mar go bhfuil an coincheap mar an gcéanna. In amanna síleann daoine go bhfuil siad ag cur isteach ar theanga na scoile más rud é go ndéanann siad rudaí i bhFraincis nó i bPolainnis. Ní fíor é sin. Tá siad ag cur leis an eolas atá ag an dalta agus leis an traschur sin. Tá straitéisí mar sin gur féidir a mhíniú do thuismitheoirí agus caithfear é sin a dhéanamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.