Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 10 July 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Éileamh don Ghaelscolaíocht: Plé (Atógáil)

1:30 pm

Dr. Aisling Ní Dhiorbháin:

Níl aon dabht faoi. Tá gá leo ag gach leibhéal oideachais. Nuair a amharcann muid ar an oideachas luath-óige, tá bearna ollmhór ansin. Nuair a amharcann muid go hidirnáisiúnta, i bpobal neamhspleách na mBascach agus sa Bhreatain Bheag, mar shampla, cuirtear an tumoideachas ar fáil ó haois breithe suas go dtí an tríú leibhéal agus tá ag éirí leis. Tá ag éirí leis na teaghlaigh ansin a gcearta teanga a bhaint amach.

Faoi láthair, leis an réamhscolaíocht trí Ghaeilge, níl sé sin mar rogha ag mórchuid na ndaoine. Fiú dóibh siúd a bhfuil sé mar rogha acu, sa lá atá inniu ann agus cúraimí oibre orainn go léir, teastaíonn na seirbhísí oideachais agus luath-óige ar feadh an lae. Ag leibhéal na bunscoile, tá barraíocht éilimh ar na scoileanna. Níl spásanna ann agus bíonn deacrachtaí maidir leis an íomhá a chruthaítear faoin Ghaelscolaíocht dá bharr nuair nach bhfuil gach duine in ann spás a fháil sna scoileanna.

Mar is eol don choiste ar fad, tá bearna iomlán ag an iarbhunleibhéal. Tá an ráta aistrithe ag 50%. Níl aon áit ag na páistí le dul mar níl iarbhunscoil lán-Ghaeilge mar rogha ag mórchuid de na páistí a fhreastalaíonn ar bhunscoileanna lán-Ghaeilge. Ó mo thaithí féin mar mhúinteoir lán-Ghaeilge, d’oibrigh mise le rang a sé ar feadh ocht mbliana i nGaelscoil, áit a raibh an rogha ag na páistí dul chuig iarbhunscoil lán-Ghaeilge. Bhí ráta aistrithe nach mór 100% againn de bharr go raibh an rogha acu.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.