Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 10 July 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Éileamh don Ghaelscolaíocht: Plé (Atógáil)

1:30 pm

Dr. Aisling Ní Dhiorbháin:

Cinnte. Is é an rud a léiríonn an taighde ná, i gcomhthéacsanna ina bhfuil ionad nó aonad lán-Ghaeilge ceangailte le scoil Bhéarla, mar shampla, ní hionann é sin agus an tumoideachas. Is rogha eile é. Beidh sé sin an-tábhachtach agus an polasaí á dhréachtú ionas nach mbeidh daoine cineál measctha suas faoi sin. Bíonn roghanna eile ar fáil a chuireann na deiseanna foghlama na bhfoghlaimeoirí sa Ghaeilge i suíomhanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla. Nuair a bhíonn aonad ceangailte le scoil lán-Bhéarla, ní cruthaítear an timpeallacht shochtheangeolaíochta céanna. Tá samplaí de sin i ndlínsí eile cosúil leis na sruthanna lán-Fhraincise i gCeanada nó samplaí eile i Nua-Shéalainn. Ní bhíonn an sprioctheanga mar theanga cumarsáide na bhfoghlaimeoirí nó mar theanga cumarsáide na scoile. Bíonn deacrachtaí praiticiúla eile freisin maidir le háiseanna a roinnt agus mar sin de.

Leis an tumoideachas, bíonn pobal ar leith ag baint leis na scoileanna lán-Ghaeilge. Is í an Ghaeilge teanga cumarsáide na scoile. Déantar an gnó ar fad trí mheán na Gaeilge. Cé go mbeadh sé an-inmholta ar fad níos mó ábhar a theagasc trí Ghaeilge i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla, rud ba chóir a bheith ag tarlú, agus tá sé sa curaclam, ní hionann é sin agus an tumoideachas. Is rogha difriúil atá ann. Is é sin an rud a deir an taighde. Sna cásanna sin, ní bhíonn na deiseanna céanna sealbhaithe teanga ag na foghlaimeoirí. Ní bhaineann siad amach, de ghnáth, an caighdeán céanna. Go príomha, áfach, ní bhíonn an sprioctheanga mar theanga cumarsáide na scoile sna comhthéacsanna sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.