Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 10 July 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Riachtanas Gaeilge do Stiúrthóirí Boird Oideachais agus Oiliúna: Plé
1:30 pm
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Caithfidh mé críoch a chur leis an gcuid seo. Táimid imithe leathuair an chloig thar am. Sula ndéanfaidh mé é sin, caithfidh mé aontú a fháil - uaim féin ag an staid seo - glacadh leis na moltaí a rinne an Teachta Ó Cuív. Glacaimid leis an moladh go ndéanfaimid an t-eolas breise a bhí á lorg i rith an chruinnithe a lorg ón ETB, go gcuirfimid an cheist seo ar aghaidh chuig an gCoimisinéir Teanga agus go n-iarrfaimid air iniúchadh níos mó a dhéanamh, go háirithe ar na coinníollacha atá i gceist. Tá súil againn go mbeidh caighdeáin foilsithe amach anseo. Dúradh linn go mbeidh caighdeáin ón gcoiste comhairleach a bunaíodh de thairbhe Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) ag teacht amach am éigin i mí Mheán Fómhair. Beidh rudaí beagáinín níos soiléire faoin am seo. Tá súil againn go dtabharfaidh na ETBs tús áite do na caighdeáin seo. Is ceist mhór an ceann deireanach a luaigh an Teachta nach féidir liom a aontú liom féin. Bhain sé le ETB do na ceantair Ghaeltachta agus Gaelscoileanna amháin. Is féidir linn an cheist sin a ardú ag staid éigin eile. Beimid ag déileáil le ceist an bhreisoideachais leis na huachtaráin ar fad tar éis an tsamhraidh. Aontaítear na moltaí sin ar fad. Glacaim leis go bhfuil an Teachta Connolly ina bhfabhar chomh maith.
Cuirfidh mé clabhsúr leis an gcuid seo den seisiún. Gabhaim buíochas le Anne McHugh, David Leahy, Bláthnaid Ní Ghréacháin, Dónal Ó hAiniféin, Chloé Ní Mháille agus Pádraig Ó Foghlú. Tá brón orainn nár shroich Nóirín Uí Mhaoldomhnaigh ná Marjorie Uí Chearbhaill muid an t-achar seo. B'fhéidir go mbuailfimid leo am éigin eile. Cuirfidh mé an cruinniú ar fionraí ar feadh deich nóiméad agus ansin tosóimid leis an gcéad seisiún eile, ina mbeimid ag plé an éilimh ar Ghaelscolaíocht nach bhfuil á shásamh ag an Stát le hionadaithe thar ceann na heagraíochta SEALBHÚ.
No comments