Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 10 July 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Riachtanas Gaeilge do Stiúrthóirí Boird Oideachais agus Oiliúna: Plé
1:30 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
An nós atá ag daoine atá líofa sa Ghaeilge nó compordach leis an nGaeilge nuair a chasann siad le Gaeilgeoir eile ná iompú ar an nGaeilge. Tugaim sin faoi deara. Fágfaimid sin mar atá sé.
Is dóigh liom go bhfuil trí rud gur féidir leis an gcoiste seo a dhéanamh. Níl aon mhaith bheith ag gearán. An chéad rud gur féidir linn a dhéanamh ná tuilleadh eolais a fháil maidir le céard atá ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge ó GRETB. An dara rud gur féidir linn a dhéanamh ná moladh a chur ar aghaidh go dtí an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán go dtabharfar tús áite maidir le cúrsaí Gaeilge nuair atá siad ag leagan síos na caighdeáin do na ETBs. Is é sin an dara moladh atá agam. Tá an chéad mholadh don choimisinéir. An tríú moladh atá agam ná go gcuirfidh an coiste seo moladh fíorláidir ar aghaidh go mbunófar ETB amháin a dhéanfadh freastal ar chuile Ghaelscoil, chuile Ghaelcholáiste agus chuile chúrsa breisoideachas trí Ghaeilge ar fud na tíre, rud atá mé ag iarraidh le 14 bliana nó níos mó.
Má choinníonn muid na moltaí sonrach, simplí agus dearfach, sílím go dtiocfaimid ar réiteach na faidhbe. Níl mise ag iarraidh an milleán a chur ar éinne; tá an saol mar atá an saol. Is é an jab atá againn ná réiteach córasach a fháil ar na fadhbanna. Tá súil agam gur moltaí ciallmhara stuama iad na moltaí sin agus go bhféadfaí iad a chur i bhfeidhm. Thabharfadh siad toradh dúinn seachas bheith ag argóint lena chéile. Bheadh sé úsáideach dá mbeimid in ann an méid eolais agus is féidir a fháil ó na ETBs atá ag freastal ar Ghealscoileanna - táthar i mBaile Átha Cliath agus i gCill Mhantáin freisin - maidir leis na hacmhainní atá acu leis an jab a dhéanamh i gceart. Is é sin an méid atá uainn.
Dá mbeadh ETB ar leith ag plé leis na scoileanna seo ar fad, bhainfeadh sé an cúram ollmhór den chaighdeán a mbeifí ag súil leis, go dtógfaí cé mhéad ETB sa tír agus chuirfí in áit lárnach iad, go mbeadh gach uile dhuine ag labhairt Gaeilge go nádúrtha agus nach dtiocfadh sé sin i gceist.
An tuiscint atá agam ó thaobh Acht na dTeangacha Oifigiúla ná, ach an oiread le rialacha sábháilteachta agus mar sin de, fiú mura ndeir an Roinn Oideachais é, má tá dlí ann, tá dlí ann. Mar sin, ní féidir neamhaird a thabhairt ar aon dlí agus post á fhógairt. An dara rud, tá an fhoclaíocht anseo sách soiléir mar deir sé "sainithe" agus sainíonn sé na poist. Nuair a bhíonn GRETB ag ceapadh múinteoirí, bíonn sé ag iarraidh an duine is fearr ar ndóigh. Caithfidh an duine is fearr a bheith cáilithe ó thaobh an oideachais de. I gcás Gaelcholáiste, de réir mar a thuigim ón eolas atá tugtha, caithfidh cáilíocht Gaeilge a bheith acu. Is féidir leis an nGaeilge a bheith leagtha síos mar riachtanas do phoist áirithe. Is léir gur leag GRETB féin síos é do phoist áirithe, post an stiúrthóra san áireamh. Tá réiteach ar an bhfadhb. Más rud é go ndeir an coimisinéir gur sáraíodh an dlí, b'fhéidir go mbeidh ar GRETB an dara stiúrthóir a ceapadh agus ceann ag plé le scoileanna Gaeilge agus an ceann eile le scoileanna Béarla. Is cuma liom faoi réiteach na faidhbe ach é a réiteach.
No comments