Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 10 July 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Riachtanas Gaeilge do Stiúrthóirí Boird Oideachais agus Oiliúna: Plé

1:30 pm

Mr. Dónal Ó hAiniféin:

Tá sé seo i bhfad níos leithne ná aon duine aonair. Guím gach rath ar pé duine atá i mbun pé post nua atá sé nó sí ag glacadh in aon bord oideachais agus oiliúna timpeall na tíre. Tá GRETB tar éis a bheith ina cheannródaí anseo maidir le forbairt oideachais Ghaeltachta agus tá obair dochreidte déanta ag GRETB le blianta anuas. Is gá é sin a aithint mar go bhfuil an líon is mó scoileanna Gaeltachta faoina phátrúnacht. Is céim chun deiridh a bheas anseo, áfach, agus beidh tionchar uafásach aige seo ar bhoird oideachais agus oiliúna eile. Bhí mé buartha ar maidin ach tá mé an-bhuartha agus an-chráite anois ar fad mar go bhfuil sé soiléir go bhfuil an milleán á chur ar ais ar an Roinn Oideachais. Ba cheart don Chathaoirleach cuireadh a thabhairt don Roinn Oideachais le fáil amach cé atá freagrach as na critéir a bhí leagtha amach don phost. Bhí scéim teanga réitithe, aontaithe, daingnithe agus faofa ag GRETB le Roinn na Gaeltachta agus ba cheart cloí leis an scéim agus leis an aontú sin.

Luadh "riachtanas ardleibhéal inmhianaithe" i measc na critéir. Mar a dúirt mé, b'fhéidir nach mbeidís sásta le Ciarraíoch cosúil liom féin sa phost le mo chanúint. Más rud é go mbeadh canúint Chonamara inmhianaithe, bheadh sé sin go breá. Bhí an Ghaeilge riachtanach. Mar a dúirt mé, aithníodh é sin ag boird oideachais agus oiliúna eile le déanaí. Bhí teagmháil ag an gCoimisinéir Teanga leo agus rinne siad an post a athfhógairt. Déanann muid ar fad botúin. Níl a fhios agam an bhfuil sé ró-dhéanach an botún seo a cheartú, más botún sa phróiseas earcaíochta agus sa phróiseas ceapachán a bhí ann. Má bhí sé riachtanach an dualgas nó an riachtanas teanga a bheith luaite san fhógra, an bhfuil sé ró-dhéanach? Ní dlíodóir mé. Mar a dúirt mé, tá sé seo i bhfad níos leithne ná an duine amháin. Tá ceisteanna le freagairt ag na boird oideachais agus oiliúna. Cinnte, tá ceisteanna le freagairt ag an Roinn oideachais más iad sin a threoraíonn na boird oideachais agus oiliúna. Ba chóir go mbeadh sé soiléir céard iad na critéir agus nach féidir dul ar chlé nó ar dheas uathu. Tá freagraí ag teastáil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.