Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 10 July 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Riachtanas Gaeilge do Stiúrthóirí Boird Oideachais agus Oiliúna: Plé

1:30 pm

Mr. Dónal Ó hAiniféin:

Tá an pointe seo thar a bheith tábhachtach agus gabhaim buíochas leis na Teachtaí as é a ardú. Tá sé dubh agus bán sa scéim teanga go bhfuil Gaeilge riachtanach do na poist atá sainaitheanta ansin. Tá sé luaite go bhfuil ardchaighdeán inmhianaithe. Ní éalú é sin ón nGaeilge riachtanach. Deireann sé go bhfuil an Ghaeilge riachtanach. D'fhéadfá a rá go bhfuil canúint Chonamara inmhianaithe do phost i gConamara ach tá Gaeilge riachtanach. Tá sé luaite in alt 6.3 ag barr leathanach 18 den scéim. Tá sé de ghlanmheabhair agam. Tá na poist lena mbaineann ráite thíos faoina bhun. Ina measc sin tá príomhoidí, príomhoidí tánaisteacha agus múinteoirí agus tá "stiúrthóirí" scríofa ina lár. Luaitear freisin an chúis a ghabhann leis sin. Sa chéad cholún eile, deirtear go bhfuil ardchaighdeán inmhianaithe. Tá an t-ardchaighdeán inmhianaithe ach tá an Ghaeilge riachtanach. Go bhfios dom, níor cuireadh é sin san áireamh nuair a fógraíodh an post seo. Ní dlíodóir mé ach, dá réir, déarfainn go raibh an fógra féin lochtach agus, dá bharr, go raibh an próiseas ceapacháin lochtach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.