Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 3 July 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Plean Fáis 2024-29: Conradh na Gaeilge

1:30 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Bhíomar ag caint faoi sin an tseachtain seo caite. Ós rud é go bhfuil deireadh ag teacht le roinnt de na pleananna, tá gá le cinnteacht. Ní féidir linn an cinnteacht sin a thabhairt ach is féidir leis an Aire é a dhéanamh. Dúradh linn go bhfuil sé le teacht. Tugadh le fios dúinn go bhfuil sé deacair daoine a choimeád agus, go háirithe, plean nua a bhunú mura bhfuil cinnteacht ann. Beimid ag impí ar an Aire agus an Rialtas an cinnteacht sin a thabhairt chomh luath is gur féidir. Chomh maith leis sin, ní bheadh fadhb ar bith ag an gcoiste tacú leis an iarratas, ní hamháin le cinnteacht a fháil, ach freisin le tacú le hiarratas breis airgid a chur ar fáil ó thaobh pleanáil teanga de. Tá sé léirithe cheana féin sa seacht mbliain atá imithe go bhfuil ag éirí leis an gcur chuige agus gur féidir fás air sin. Feicim go bhfuil an Teachta Aindrias Moynihan ag iarraidh teacht isteach ach tá ceist eile agam maidir leis an scéim labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht. Tá sé luaite go bhfuil €500,000 i gceist do 2025. Léimeann sé go dtí €2.5 milliún agus ansin go dtí €7.5 milliún sa leagan amach atá anseo. Cén fáth an bhfuil ardú chomh suntasach sin i gceist, agus chomh tapa?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.