Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 3 July 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Plean Fáis 2024-29: Conradh na Gaeilge

1:30 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tuigim agus níl mé ag cur ina choinne. Chuir mé an cheist mar measaim gurb é an méid is ísle ar chóir go mbeadh ann ná idir €80,000 agus €100,000, agus ní dhéanfadh sé sin ach fíorbheagán seachas tuarastal a íoc go dtí duine atá cáilithe chun an obair a dhéanamh. Ina dhiaidh sin, má tá an plean leagtha amach, cá bhfuil an t-airgead ag teacht as? Cá bhfuil na daoine breise gur gá leo i gceantair áirithe? B'fhéidir nach bhfuil gá láithreach daoine breise a fhostú ach má leagann pobal amach go bhfuil gá díriú ar an óige sa cheantar, caithfear duine éigin a fhostú. Má táthar ag tarraingt dream óg isteach i halla, caithfear bheith ábalta cíos a íoc ar an bhfoirgneamh sin. Caithfear íoc as trealamh agus gach sórt rud. Tá mise den tuairim go bhfuil sé seo ar fad ceangailte. Ní féidir linn maoiniú ceart a thabhairt don fhoras gan maoiniú ceart a thabhairt don údarás. Tá siad ar fad nasctha le chéile. Nuair a chuirimid ceist ar an Aire, deirtear linn go bhfuil an Roinn tar éis méid áirithe airgid breise a chaitheamh. Tá sé go maith go bhfuiltear tar éis é sin a dhéanamh, ach tá na finnéithe tar éis leagan amach sa phlean fáis go díreach cén sórt airgead ar chóir go mbeadh an Stát ag caitheamh chun an jab atá leagtha síos acu dóibh fhéin a chur i gcrích.

Is muid atá á lorg ach tá siad tar éis glacadh leis agus ba chóir go mbeadh siad á chomhlíonadh tríd an t-airgead cuí a thabhairt. Léiríonn bealach ina bhfuil sé leagtha amach nach gá an t-airgead ar fad a fháil i mbliain a haon. Is thar tréimhse a tharlaíonn an t-ardú. Chomh maith leis sin, tá na heagraíochtaí seo ag cothú fostaíochta trí Ghaeilge, rud a chuidíonn laistigh agus lasmuigh den earnáil Gaeilge go bhfuil daoine fostaithe i nGaeilge, ag labhairt i nGaeilge is ag lorg seirbhísí as Gaeilge. Cuidíonn sé le ceantair iargúlta sa Ghaeltacht go bhfuil daoine ag lonnú iontu don chéad uair agus ag tógáil páistí iontu. Tá na heagraíochtaí seo ag cothú postanna agus éileamh ar sheirbhísí eile. Ní airgead amú atá ann. Uaireanta, ní airgead amú atá ann ó thaobh an Stát ach ní bhíonn ach toradh amháin ag teacht as. I gcás infheistíocht sa Ghaeilge, tá torthaí leagtha síos ag na finnéithe. Is féidir a fheiceáil céard atá i gceist mar tá plean leagtha síos cheana féin sna cásanna seo. Cé mhéad fostaithe atá ann faoi láthair? Ó thaobh pleanáil teanga de, tá 78 tuartha a bheith ann in 2029. Cén figiúr atá ann faoi láthair?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.