Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 3 July 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Plean Fáis 2024-29: Conradh na Gaeilge
1:30 pm
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Tá sraith ceisteanna agam ag lorg soiléiriú ar an méid a bhí á rá ag an Ollamh Ó Brolcháin, agus ag Julian de Spáinn ach go háirithe. Is léir go bhfuil comhthéacs difriúil ann anois ó thaobh an fhorais. Mar a luaigh an coiste comhairliúcháin, tar éis dúinn leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, ba chóir go mbeadh comhthéacs difriúil ann ó thaobh an Stáit de. Táimid tar éis dúshlán níos mó a chur ar an Stát ná mar a bhí air le tamall de bhlianta. Is gá go mbeadh na tacaíochtaí ann chun a chinntiú go mbeidh níos mó Gaeilgeoirí ann laistigh de tamaill an-ghairid. Nuair a fheicimid ar na pointí atá leagtha amach ó thaobh scoláireachtaí, múineadh na Gaeilge, scoláireachtaí do dhaoine fásta agus an cur chuige atá ann ó thaobh pleanáil teanga, an scéim pleanála teanga ach go háirithe, is gá don Stát an infheistiú sin a dhéanamh. Níl aon dul amach acu. Caithfidh siad é sin a dhéanamh más rud é nach bhfuil siad chun teip ar an dúshlán atá leagtha síos.
Tá ceist mhór ann maidir leis an gcur chuige gur chóir go mbeadh ag an gcóras oideachais agus an Roinn Oideachais i dtaca leis an nGaeilge. Nílimid chun déileáil leis an gceist sin inniu. Tá roinnt rudaí leagtha síos agam anseo agus b'fhéidir go mbeidh na finnéithe in ann breis eolais a thabhairt dom ina dtaobh. Dúirt Gráinne Nic Niallais go bhfuil €80,000 sa bhliain i gceist le haghaidh na scéimeanna pleanála teanga. Cé mhéad go díreach gur chóir go mbeadh ann? An bhfuil aon tuairim aici faoi sin? Má tá fás ceart agus cur chuige ceart i ndán don phleanáil teanga, cén figiúr atá i gceist? An bhfuilimid ag caint faoi €100,000 nó €150,000? An bhfuil gá le breis fostaithe i ngach uile ceantar le cinntiú go bhfuil an obair atá á leagan amach ag na grúpaí pobail comhlíonta chomh tapa agus is féidir? Ba chóir go mbeadh an Stát agus muidne ar fad mar ghníomhairí Gaeilge faoi dheifir agus is é sin an fáth go bhfuil an bunfhigiúr á lorg agam. Tá figiúirí leagtha amach anseo - tá roinnt acu uaillmhianach agus roinnt eile nach bhfuil ag dul fada go leor, luath go leor. Sa chás sin, cén figiúr a ceapann Gráinne Nic Niallais an mbeadh oiriúnach?
No comments