Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 3 July 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Plean Fáis 2024-29: Conradh na Gaeilge

1:30 pm

Professor Fionnbarra Ó Brolcháin:

Níl aon bhrí ann. Tá sé cosúil leis na focail “orgánach” nó “ealaíonta” agus a leithéid. Níl aon bhrí a thuilleadh leo.

Is sa dara paraidím atá deis iontach don Ghaeilge. Is í an tslí ina míním é ná go mbeidh na laigí is mó leis an teanga faoi láthair ina láidreachtaí is mó sa ré nua. Is ionann na laigí seo agus na gnéithe a dhéanann muid lag sa seanpharaidím, is é sin, an ré tionsclaíoch. Tá an ré sin go beacht ag baint leis an margadh. Tá luach le rud éigin de bharr go gceapann an margadh go bhfuil luach leis. Sa ré nua, ó thaobh inbhuanaitheachta de, mar a thuigeann muid go léir, cuireann tú luach nó fiúntas le rud fiú amháin muna gcreideann an margadh go bhfuil luach leis. Tuigeann an Teachta Connolly é seo níos fearr ná mé féin.

Sa ré sin, is é an rud is tábhachtaí ná meanman nó spiorad a chothú le daoine laistigh den phobal. Tá an tseanmheon, go simplí, bunaithe ar smaointeoireacht ón mbarr thíos go dtí an bhun, mar a déarfá, agus dá bhrí sin, tá pobail imeallaithe. Tá daoine an t-am ar fad ag troid i gcoinne na bhfórsaí a luaigh mé. Sa ré nua seo, tagann sé ón mbun aníos. Is é sin go spreagtar é de bharr go mbrathann duine mar chuid de phobal áitiúil dúchasach. Níl sé cúng; tá tú fós ag smaointiú go hidirnáisiúnta. Is é an rud atáthar ag iarraidh déanamh an t-am ar fad ná a bheith ag damhsa, mar a déarfá, idir an rud logánta, nó áitiúil, agus an domhan taobh amuigh de sin.

Sa chomhthéacs sin, mar a luaigh mé i mo chuid píosa cainte, tá mórtas dúiche i gceist. Is téarma é sin a úsáidim agus a fuair mé ó athair an Cathaoirligh fadó. Ciallaíonn sé “sense of place”. Tá sé sin níos tábhachtaí ná aon rud. Bíonn tuiscint ag duine ar cé hé nó hí, cad as a dtagann sé nó sí, cé hiad a mhuintir nó a muintir, an stair a bhaineann lena cheantar nó lena ceantar agus a leithéid. Is as sin a spreagtar an fás eacnamaíochta inbhuanaitheachta sa todhchaí. Is as seo a fhásfar é. Dá bhrí sin agus sa chomhthéacs sin, tá an teanga an-láidir agus an-luachmhar.

Mar a dúirt mé níos luaithe - críochnóidh mé leis seo - tá a lán de pholasaithe na tíre seo bunaithe ar an tseanparaidím. Bíonn daoine ag caint agus cloisim go minic Airí ag caint faoi eolaíocht agus taighde agus a leithéid, ach tá siad ag smaointiú sa tseanslí. Ceapann siad gurb é an toradh a bheidh ar an airgead a chuirtear ar fáil dóibh siúd ná fás eacnamaíoch. Ní hí sin an tslí gur chóir a bheith ag machnamh. Ba chóir a bheith ag caint faoi folláin an phobail agus folláin na tíre sa tslí is leithne.

Sa tseanslí, cheap daoine go dtiocfadh folláin as fás eacnamaíochta. Is a mhalairt a bheidh i gceist sa ré atá ag teacht. Is é sin go dtagann fás, más fás eacnamaíoch é an focal is mian linn úsáid, ó fholláin an phobail agus folláin an náisiún. Má tá tuiscint ag daoine orthu féin agus ar an tír ó thaobh na timpeallachta agus an chultúir de, tiocfaidh fás agus forbairt atá fiúntach agus ina bhfuil an maitheas sin á roinnt idir daoine.

Tá deis iontach ag an nGaeilge má tá muid radacach agus nua-aimseartha, más féidir liom an focal sin a úsáid. Tá muid i bponc agus léiríonn an plean fáis é sin. Tá muid i bponc de bharr, mar a dúirt mo chomhghleacaithe anseo, nuair a chuirtear an IDA i gcomparáid leis an údaráis, nó an Chomhairle Ealaíon i gcomparáid le Foras na Gaeilge, feictear go bhfuil fás eacnamaíochta, b’fhéidir, chun teacht as airgead a chaitear ar na dreamanna sin agus gur rud cúng nó imeallach é airgead a chaitear ar an teanga nó ar an dúchas. Is botún bunúsach é sin sa ré atá le teacht. Is é sin an fáth gur lean mé ar aghaidh ach thug an Teachta Connolly deis dom nuair a d’iarr sí orm é a mhíniú ar bhealach níos leithne.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.